Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 18 Jul 1961

Vol. 191 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltacht Holiday Chalet Scheme.

41.

asked the Minister for the Gaeltacht how many applications have been received by his Department for grants for the building of Gaeltacht holiday chalets in each of the various Gaeltacht areas: how many of these applications have been (1) accepted and (2) refused: and what were the reasons for such refusals.

An t-eolas atá á lorg ag an Teachta is i bhfoirm táible atá sé agus, le cead an Ceann Comhairle, táim á chur ar fáil sa Tuairisc Oifigiúil.

Ag seo leanas an táible.

Deontais Seallaí faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht).

Contae

Méid iarratas a fritheadh

Méid iarratas a ceadaíodh

Méid iarratas a diúltaíodh

Fáthanna gur diúltaíodh na cásanna sa cholún roimhe seo.

Dún na nGall

9

8

1

Níor measadh an t-iarratasóir a bheith oiriúnach.

Muigheo

1

1

Bhí an líon-tí gan Gaeilge.

Gaillimh

6

1

2

Cás amháin gan Gaeilge. Ní bheadh an foirgneamh a tógadh oiriúnach mar seallaí.

Ciarraí

8

4

2

Cás amháin gan Ghaeilge. Sa chás eile ní raibh gnáth-chónaí ar an iarratasóir sna Limistéirí atá sceideálta faoi Ordú na Limistéirí Gaeltachta.

Corcaí

Portláirge

3

1

1

Bhí an líon-tí gan Ghaeilge.

42.

asked the Minister for the Gaeltacht how many chalets have been built under the Gaeltacht holiday chalet scheme in each of the various Gaeltacht areas.

Tá deontais faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) ceadaithe i leith ocht seallaí saoire i gCo. Dhún na nGall, ceann amháin i gCo. na Gaillimhe, ceithre cinn i gCo. Chiarraí agus ceann amháin i gCo. Phortláirge. Tá an sealla i gCo. Phortláirge agus sealla amháin i gCo. Chiarraí tógtha. Tá dhá shealla i gCo. Chiarraí agus dhá cheann eile i gCo. Dhún na nGall á dtógáil.

43.

asked the Minister for the Gaeltacht whether he will consider extending the Gaeltacht holiday chalet scheme so that it could be availed of by Irish-speaking families who normally live in Dublin and other non-Gaeltacht areas, who could build chalets in the Gaeltachtaí in order to bring their Irish-speaking children there during holiday or other suitable periods.

Tugadh scéim na scallaí saoire isteach faoi Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú) 1959 d'aon ghnó ar mhaithe le teaghlaigh sna Limistéirí Gaeltachta do réir mar atáid leagtha síos in Ordú na Limistéirí Gaeltachta, 1956. Níl ar aigne agam an scéim seo a leathnú.

An amhlaidh atá sé cinn acu i nDún na nGall nach bhfuil aon ní déanta fós chun iad a thógáil?

Tugadh scéim na seallaí saoire isteach faoi Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1959, d'aon ghnó ar mhaithe le teaghlaigh sna Limistéirí Gaeltachta do réir mar atáid leagtha síos in Ordú na Limistéirí Gaeltachta 1956. Níl ar aigne agam an scéim seo do leathnú.

Nach bhfuil aon ní déanta i dtaobh sé cinn acu i nDún na nGall?

Tuigfidh an Teachta na cursaí níos fearr nuair a léifidh sé an freagra.

Top
Share