den Aire Cosanta cé mhéid seanóglach ó chontae agus ó chathair Luimnigh a chuir isteach ar Allúntas Speisialta ó cuireadh tús leis an scéim seo i 1946; cé mhéid iarratas díobh sin gur éirigh leo; cé mhéid a diúltaíodh; agus cé mhéid iarratas atá le breithniú fós.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Liúntaisí Speisialta: Iarratais ó Chontae agus ó Chathair Luimnigh.
Cuireadh tús le liúntaisí speisialta fé's na hAchta Arm Phinsean i 1943; agus ó shoin amach—Ó Chathair Luimní chuir 122 duine iarratais isteach. Níor leanadh leis na hiarratais i sé cásanna; fuair beirt bás sar a dtugadh a gcásanna chun chríche. Deonadh liúntaisí i 69 gcásanna, ach foircheannaíodh na liúntaisí in ocht gcásanna díobh san—i bhfurmhor na gcás, toisc gur tháinig méadú ar mhaoin an iarratasóra. Diúltaíodh 44 cásanna. Tá aon iarratas amháin le breithniú fós.
Ó Chontae Luimní chuir 744 duine iarratais isteach. Níor leanadh leis na hiarratais i 20 cásanna; fuair 19 hiarratasóirí bás sar a dtugadh a gcásanna chun chríche. Deonadh liúntaisí i 437 gcásanna, ach foircheannaíodh na liúntaisí i 97 gcásanna díobh san—i bhfurmhór na gcás toisc gur tháinig méadú ar mhaoin an iarratasóra. Diúltaíodh 247 gcásanna. Tá 21 cásanna le breithniú fós.