Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 18 Jul 1963

Vol. 204 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Córas Cúitimh do Lucht Oibre.

47. D'fhiafraigh

den Aire Leasa Shóisialaigh an bhfuil aon socrú déanta fós faoi athruithe sa chóras cúitimh do lucht oibre.

Tá sé socraithe an scéim Árachais Shóisialaigh atá í bhfeidhm fé láthair do leathnú tré fhoráil bhreise a chur innti le h-aghaidh sochar i leith díobhálacha no báis de bharr díobhála le linn fostaíochta.

Top
Share