Tairgim:
Go bhfuil sé oiriúnach cibé muirir ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus cibé íocaíochtaí as an gcéanna a údarú is gá chun éifeacht a thabhairt d'aon Acht a rithfear sa seisiún seo do leathnú an chórais leasa shóisialaigh a bunaíodh leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, ionas go mbeidh feidhm aige maidir le díobhálacha ceirde agus galair cheirde, d'aisghairm na nAcht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, agus chun críocha a bhaineann leis na nithe réamhráite.