Ba mhaith liom, i dtús ama, buíochas a ghabháil leis na daoine uilig a labhair ar an mBille seo agus a chuir fáilte roimpi. Sílim gur féidir liom a rá gur labhair níos mó Teachtaí ar an mBille seo ná mar a labhair riamh roimhe sa Teach seo ar cheisteanna faoin nGaeltacht, agus sílim go dtaispeánann sé sin go bhfuil níos mó spéise ag na Páirtithe uilig sa Ghaeilge. Is maith an comhartha é sin. Aontaímid uilig leis an gcuspóir atá romhainn chun feabhas a chur ar chúrsaí na Gaeltachta agus slí bheatha mhaith a chur ar fáil ann do gach duine atá ina chónaí ann i dtreo nach dteastóidh ó aon duine í a fhágáil.
Is iontach tábhacht na Gaeltachta don teanga agus gan an Ghaeltacht ní dóigh liom go dtiocfadh linn an teanga a athbheochan. Mar sin is rí-thábhachtach dúinn an Ghaeltacht a shlánú—ní amháin an méid di atá ann anois a choimeád ach méid na Gaeltachta a leathnú. Maidir le saol eacnamaíochta na Gaeltachta a fheasbhú, tá cuid mhaith dóigheanna chun an cuspóir sin a bhaint amach. Táimid ag iarraidh feabhas a chur ar an fheirmeoireacht, ar an iascaireacht, ar an tionsclaíocht, agus mar sin de, ach sílim go n-admhaímid go léir gur cúnamh an-mhór do shaol eacnamaíochta na Gaeltachta an tionscal cuartaíochta ann a fhorbhairt agus is chun é sin a bhaint amach atá an Bille seo os ár gcomhair sa Dáil inniu.
Táimid ag déanamh athruithe agus méaduithe ar na deontais a thig linn a thabhairt le haghaidh tithe agus seallaí. Tá deontas á thabhairt againn den chéad uair d'aon duine a bhfuil teach aige cheana chun teach eile a thógáil agus, in áit cead a bheidh ag duine deontas amháin le haghaidh sealla a fháil, tig leis deontais le haghaidh trí shealla a fháil.
B'fhéidir gur chóir dom anois tagairt a dhéanamh do chuid de na tuairimí a cuireadh os ár gcomhair aréir agus ar maidin ar an mBille seo. Dúirt an Teachta Mac Loingsigh go raibh cur-i-gcéill éigin ann ós rud é gur i mBéarla atá an Bille leagtha amach agus gur i nGaeilge a thug mise an ráiteas air. Ach, faoi mar a dúirt mé, rinne mé mionscrúdú ar an gceist agus is í an chomhairle a fuair mé ná nárbh fhéidir an Bille a leasú i nGaeilge toisc gur i mBéarla a tugadh isteach an príomh-Bhille.
Cuireadh ceist orm faoi na seallaí. Caithfidh mé a admháil nár éirigh go maith go dtí seo leis na seallaí agus níor tógadh an oiread díobh agus a cheapamar a thógfaí. Nuair a bhí mé sa Ghaeltacht agus ag caint leis na daoine ann fuair mé amach gurbh fhearr leo na deontais chun tuilleadh seomraí a chur lena dtithe ná na deontais chun seallaí a thógáil. Baineadh úsáid mhór as na deontais i gcás na seomraí agus d'fhág sé sin nár baineadh mórán úsáide as na deontais le haghaidh seallaí. Shíl mé fosta nár baineadh an oiread sin úsáide as na deontais le haghaidh seallaí cionn is gur ceapadh nár eacnamúil an rud é sealla amháin a thógáil, sé sin, nárbh fhiú airgead a chaitheamh ar shealla amháin ar scáth an méid sochair a thiocfadh as. Dá bhrí sin, shocraigh mé deontais a thabhairt le trí shealla a thógáil i dtreo go mbeadh seans níos fearr acu ó thaobh na heacnamúlachta de. Feicfimid an n-éireoidh níos fearr leis na deontais le haghaidh trí shealla agus an mbeidh níos mó daoine á lorg.
Labhair cuid de na Teachtaí anseo ar na rialacha faoi labhairt na Gaeilge i gcás daoine a bhíonn ag lorg deontas agus iarradh orm gan a bheith ró-dhian orthu. Caithfidh mé a rá nach bhfuil mé ró-dhian. Nuair a bhíonn amhras ar chigire na dtithe an í an Ghaeilge gnáth-theanga an teaghlaigh is féidir liom a iarraidh ar an stiúrthóir dul chuig an teach chun a fháil amach an cóir dom seans a thabhairt don iarratasóir. Má fhaighim amach go bhfuil iarracht á dhéannamh ag na daoine sa teach sin an Ghaeilge a chur i réim mar ghnáth-theanga an tí, tugaim sé mhí nó bliain dóibh chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Má bhím sásta ansin gur éirigh leis an iarracht sin, tugaim an deontas dóibh. Ach is ceist mhór thábhachtach í seo go léir. Ar thaobh amháin, níor mhaith liom bheith ródhian ar mhuintir na Gaeltachta ar eagla, b'fhéidir, go rachadh aon duine díobh i gcoinne na teanga de bharr gan an deontas a fháil. Agus ar an taobh eile, tuigimid go léir nádúir an duine agus ní féidir a bheith ró-bhog ar eagla, b'fhéidir, go lúbfaí na rialacha go dtí go mbeimís ag tabhairt deontas do dhaoine nach mbeadh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga acu. Caithfimid bheith anchúramach faoi chaomhnú na teanga sa Ghaeltacht agus caithfimid cloí leis na rialacha. Bíodh sé sin mar atá, is féidir liom a rá go dtéim go ríchúramach isteach i ngach iarratas mar sin agus, má bhíonn amhras fós orm ann, tugaim sochar an amhrais don iarratasóir. Ní dóigh liom go bhféadfainn dul níos faide ná sin.
Chuir an Teachta Mac Loingsigh ceist orm faoi dhréachtú an Bhille seo. Tá freagra na ceiste seo le fáil sa chéad líne den Bhille. Deireann alt 1 (1):
In this Act "the Act of 1929" means the Housing (Gaeltacht) Act, 1929, and any reference in this Act to the Act of 1929 shall be construed as a reference to that Act as amended by any other enactment.
Labhair an Teachta Mac Loingsigh faoi thithe aíochta. Dúirt sé gur cheap sé go mbeadh sé níos fearr deontais a thabhairt dóibh sin agus go mbeidh feabhas ar thionscal na cuartaíochta sa Ghaeltacht da bharr. Táimid á dhéanamh sin—tá scéim eile againn chuige sin. Méadaíodh an t-airgead don scéim sin le déanaí sa Cháinaisnéis ach, sa Bhille seo, is ag smaoineamh ar ghnáth-mhuintir na Gaeltachta atá mé agus ar an gcúnamh is fearr is féidir a thabhairt dóibh chun cuairteoirí a thógaint isteach ina dtithe féin agus chun cuairteoirí a thógaint isteach sna seallaí saoire.
Labhair an Teachta Mac Eochagáin ar cheist an leictreachais sna seallaí. Ní dóigh liom gur féidir aon rud a dhéanamh faoi sin ach féachfaidh mé isteach ann. Labhair sé fosta mar gheall ar an riail go gcaithfear an sean-teach a leagan nuair a bhíonn teach nua á thógáil. Tá an riail sin ann go ginearálta ach ón am seo amach ní gá i gcónaí an sean-teach a leagan ach, muna mbíonn sé fóirsteanach don áit, caithfear é a leagan. Níor mhaith liom go gceapfadh aon duine nach bhfhuil an riail ann ach ní chuirfear i bhfeidhm í ar an dóigh chéanna ar a gcuirtí i bhfeidhm roimhe seo í. D'iarr sé orainn dul i gcomairle leis an udarás pleanála maidir le tógáil tithe sa Ghaeltacht ach bímid i gcónaí i gcomhairle leo sin.
Labhair an Teachta Ó Cúgáin ar an mBille fosta. Caithfidh mé a admháil go bhfuil sé an-deacair é a shásamh. Nuair nach bhfuilimid ag caitheamh airgid bíonn gearán aige agus aréir bhí gearán aige go rabhamar ag caitheamh airgid in achan áit. Ag labhairt dó ar na seallaí chuir sé ceist orm agus is mar seo atá an scéal. I gcás duine aonarach sa Ghaeltacht, is air féin a bhraitheann sé cé acu duine le Gaeilge nó duine gan Gaeilge a thógann sé isteach ach, i gcás grúpaí ar nós Chonradh na Gaeilge, níl cead acu ach daoine le Gaeilge a thógaint. Dúirt sé go raibh an deontas le haghaidh na seallaí íseal. Tá iasacht ann chomh maith le deontas agus idir an deontas agus an iasacht tagann sé cóngarach go leor don chostas.
Dúirt an Teachta Ó Maoildhia go raibh na cigirí ró-ghéar ar na daoine. Mhínigh mé cúpla nóiméad ó shin an deacracht atá ann. Caithfimid bheith cúramach. Má thagann an t-am nuair a bheimid sásta an deontas a thabhairt gan bacadh leis an nGaeilge tá a fhios againn cad a tharlóidh.
Labhair an Teachta Mac Eoin ar maidin. Is maith liom an Teachta Mac Eoin a chlos ag labhairt ar an nGaeltacht agus ceist na Gaeltachta mar is eol dom go bhfuil suim aige iontu agus tá a fhios agam gur mhaith leis forbairt na Gaeltachta agus cúis na Gaeilge a leathnú ar fud na tíre. Dúirt sé go mbeadh sé níos fábharaí don Bhille dá mbeadh sé cinnte go rachadh sé chun tairbhe do mhuintir na Gaeltachta. Ní dóigh liom gur féidir dabht ar bith a bheith in aigne aon duine ná go rachaidh sé chun tairbhe don mhuintir sin.
Táimid ag smaoineamh le fada ar cheist na ndaoine óga sna Coláistí Gaeilge agus ceist an Bhéarla. Táimid ag déanamh fiosrú mar gheall ar an gcóras gnó sna Coláistí. Tá a fhios agam go bhfuil an riail ann go gcaithfidh na páistí Gaeilge a labhairt fad atá siad sa Ghaeltacht agus tá a fhios agam go mbaintear feidhm mhaith as an riail sin i bhformhór na gColástaí ach tá Coláistí eile ann agus, cé go bhfuil an riail acu, is cuma le lucht údaráis an Choláiste mar gheall air. Bíonn páistí ann agus iad ag labhairt Béarla agus is cuma le lucht an Choláiste. Caithfimid é sin a athrú. Iarraim ar na Coláistí féachaint isteach sa cheist seo agus an riail a chur i bhfeidhm. Is eol dom Coláiste amháin a raibh baint agam féin leis agus cuirtear an riail i bhfeidhm go tréan ann. Cuirtear páistí abhaile má labhrann siad Béarla. Is deacair do lucht an Choláiste é sin a dhéanamh agus ní maith leo é a dhéanamh, ach caithfidh siad an Ghaeilge a choimeád agus a chaomhnú. Faigheann na tuismitheoirí luach a gcuid airgid i gColáistí mar sin, agus dá bhrí sin bíonn na Coláistí sin lán i bhfad roimh thosach na gcúrsaí. Sna Coláistí eile bíonn áiteacha folamh acu tar éis tosach na gcúrsaí.
Aontaím leis an Teachta Mac Eoin go bhfhuil baol mór ann má bhíonn páistí ag dul mór-thimpeall gan aire cheart á tabhairt dóibh agus más cuma le lucht údaráis na gColáistí iad a bheith ag labhairt Béarla. Tá baol mór ann go scriosfar an Ghaeltacht agus nach mbeidh aon Ghaeltacht ann má fhágtar an scéal mar atá sé. Táim ag féachaint isteach sa cheist agus feicfidh mé cad is féidir a dhéanamh chun an scéal a fheabsú.
Rinne an Teachta Mac Eoin tagairt do na seallaí agus dúirt sé nár thuig sé cén fáth an mbeadh sealla amháin neamh-eacnamúil. B'fhéidir go mbeadh an chéad cheann neamh-eacnamúil ach ní raibh ach an t-aon deontas amháin ar fáil go dtí seo. Tá súil agam go mbeidh athrú ar an scéal as seo amach. Labhair sé fosta i dtaobh na mBéarlóirí sna seallaí. Níl cead ag grúpaí ach daoine le Gaeilge a thógaint.
Ó thaobh mhuintir na Gaeltachta tá an cúram orthu féin. Ba cheart Gaeilgeoirí a chur isteach i dtreo nach nglacfaidh muintir na Gaeltachta le Béarlóirí. Tá eagraíochtaí ann adeir nach ceart dúinn Béarlóirí a ligean isteach ach níorbh fhéidir linn stop a chur leo fiú dá mba mhaith linn é a dhéanamh. Má bhíonn lucht labhartha na Gaeilge sásta dul isteach cuirfidh sé sin stop leis na Béarlóirí. Go ginearálta, tá mé i bhfábhar an oiread Gaeilgeoirí agus is féidir a dhul isteach. Ní fhéadfaidís saoire níos fearr a fháil áit ar bith eile.
Do labhair an Teachta Ó Laoghaire agus Teachta Ó Cionfhaolaidh mar gheall ar fhorbairt na Gaeltachta agus i dtaobh an tairbhe a dhéanfadh an Bille seo do mhuintir na Gaeltachta. Ní dóigh liom gur fhág mé aon phointe ar lár. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Teachtaí a labhair. Tá áthas orm gur labhair an oiread sin dóibh ar an mBille.