Tairgim:
Go dtoghfar an Teachta Cormac Ó Breisleáin agus go raghaidh sé i gCeannas na Dála anois mar Cheann Comhairle.
Toghadh é mar Theachta Dála tríocha bliain ó shoin, agus tá meas agus urraim tuillte aige de bharr a shaothair Pharlaiminte, ní hamháin anseo ach, i gcúrsaí idirnáisiúnta, mar thoscaire don Aontas Eadar-Pharlaiminte agus mar bhall de chomhairle na heagraíochta sin.
Is mór an taithí atá aige ar an gcathaoirleachas: chaith sé roinnt blianta ina Chathaoirleach ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus ar Choiste Ghairmoideachais an Chontae sin, agus, ar ndóigh, bhí sé in a Leas-Cheann Chomhairle annso ar feadh sé mblian déag. Thaispeán sé comh chothrom, neamhchlaon is atá sé le linn a ionadaíochta, agus ní baol ach go mbeidh a rian san ar ár gcúrsaí amach anseo má thoghfar é inniu.