asked the Minister for the Gaeltacht if he will state (a) for himself and (b) for his Parliamentary Secretary the cost of officially provided Christmas greeting cards sent in 1968; if the postage was provided free by his Department and, if so, the cost in each case; if he can give an estimate of cards on order for this year under each heading; and if the cards will be sent post free.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Christmas Greeting Cards.
53.
Anuraidh bhí costas £22 10s ar chártaí Nollaig Aire na Gaeltachta agus an Aire Tailte agus seoladh a bhformhór amach tríd an bpost oifigiúil; ní raibh Rúnaí Parlaiminte ann. I mbliana beidh an costas i gcás Aire na Gaeltachta á áireamh leis an gcostas don Aire Tionscail agus Tráchtála; meastar go gcosnóidh cártaí an Rúnaí Parlaiminte tuairim £160 agus seolfar a bhformhór amach tríd an bpost oifigiúil. Meastachán a bhíonn sa chostas a bhaineann leis an bpost oifigiúil agus ní féidir a rá go gcuireann aon litir áirithe leis an gcostas sin.
An bhfuil na cártaí i nGaeilge nó i mBéarla?
Cheapfainn go mbeadh an dá theanga i gceist. Níl mé cinnte.
(Interruptions.)
Dúirt mé gur meastacháin a bhí ann. Ní heol dom an méid cártaí.