Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 3 Dec 1970

Vol. 250 No. 3

Ceisteanna-Questions. Oral Answers. - Leathnú na Gaeilge.

11. D'fhiafraí

den Aire Airgeadais an mbeadh sé sásta dul i gcomhairle le heagarthóirí na bpáipéar náisiúnta maidir le leathnú na Gaeilge.

Táim sásta cibé rud is féidir a dhéanamh d'fhonn na páipéir náisiúnta a spreagadh chun breis tacaíochta a thabhairt don iarracht chun úsáid na Gaeilge a leathnú. Cheana féin, iarradh ar eagraíochtaí na n-úinéirí nuachtán, agus ar na nuachtáin eile, tuairisceoirí a mbeadh Gaeilge acu a chur ag freastal ar dhíospóireachtaí na Dála agus an tSeanaid, agus tá a gcomhoibriú geallta acu. Ní miste a lua chomh maith go bhfuil scéim ann a chuireann ar chumas Roinne na Gaeltachta deontais a thabhairt do nuachtáin a dhéanann socrú sásúil chun nuacht nó cúrsaí reatha i nGaeilge a fhoilsiú go rialta.

Cad faoi an scoil i nDún Caoin? Níl an tAire in dairireamh maidir le athbheocaint na Gaeilge an fhad is atá an scoil sin dúnta.

Sin ceist eile.

Ceist ana-tábhachtach.

Ceist ana-tábhachtach ach tá fhios agarnsa nach léir é sin ón méid a deireann an Teachta ach más féidir leis an Teachta a léiriú go bhfuil seisean chomh dairireamh i leith na Gaeilge agus atáimse beidh mise lántsásta.

An féidir liom a fhiafraí de'n Aire an ghiacann sé go bhféadfadh na páipéirí obair anéifeachtach a dhéanamh fiú amháin taobh amuigh den Teach seo agus muna néiríonn linn suim na bpáipáirí a mhuscailt i gceist na Gaeilge go mbeidh sé ana-dheacair í a chur ar siúl ar fúd na tire agus maidir leis na deontais seo atá ann, de réir dealraimh níl siad ag glacadh leo agus an bhféadimis an cheist sin a phié leo agus b'fhéidir a thuille airgid, más é airgead atá i gceist, a thabhairt dóibh?

Aontaím leis an méid a dúirt an Teachta go ginearálta ach tuigim go bhfuil deacrachtaí speisialta ag baint leis an sceal so ó thaobh na nuachtáin, go háirithe na nuachtáin naisiúnta, agus cé go bhfuil sé fíor nar chuir aon ceann des na nuachtáin náisúnta isteach ar an deontais do lua mé, ar an taobh eile den scéal, tá sé fíor go bhfuil roint des na nuachtáin probhinseach ag fáil an deontais sin.

Cén saghas deontais é?

Sin an deontas a lua mé faoi Roinn na Gaeltachta—a luadhadh roinnt bliain ó shoin i dTabharscáil an Rialtais ar an bPaipéar Bán. Is dóigh liom gur féidir b'fhéidir a thuille a dhéanamh agus, mar a lua mé ins an fhreagra, tá mé lán tsásta pé nídh is féidir linn a dhéanamh chun a thuille chó-oibriú d'fhagháil ó na nuachtáin.

An bhfuil sé fíor go bhfuil a lán daoine mishásta leis an plean atá i bhfeidhm le fada i leith leathnú na Gaeilge, go mór mór maidir leis an Ard-Teistiméireacht?

Is dóigh liom go bhfuil sé seo an-fhada ón cheist a fhreagair mé.

Sin ceist eile.

Top
Share