asked the Minister for the Gaeltacht if an application was received from the Burtonport Fishermen's Co-operative for a managerial grant; the date of such application; if the application has been refused; if so, the reason for the refusal; and the date on which such refusal was notified to the applicants.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Burtonport Fishermen's Co-operative.
Fuarthas litreacha dar dáta 25 Samhain, 1969, agus 22 Eanáir, 1970, inar iarr an Comharchumann deontas reachtála agus inar gheall siad go gcomhlíonfaí coinníollacha Scéim Roinn na Gaeltachta. Pléadh an t-iarratas in Ailt an Chorráin le hionadaithe ón gComharchumann ar an 11 Feabhra, 1970. Glacadh leis gur thuig na hionadaithe sin nár éirigh leo an Roinn a shásamh go raibh gá le deontas reachtála chun cúrsaí an Chomharchumainn a chur chun cinn— faoi mar atá leagtha síos sa scéim— agus níor cuireadh aon fhreagra scríofa chucu.
Ba mhaith liom a rá go bhfuil moladh tuillte ag an gComharchumann seo cionn is go bhfuil an gnó á reachtáil go héifeachtach acu. B'fhéidir nár mhiste a lua fosta go bhfuair siad deontas caipitil ón Stát tríd an mBord Iascaigh Mhara.