Tairgim:
Go ndeonófar suim fhorlíontach nach mó ná £7,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31 ú lá de Mhárta, 1971, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.
Ag dul i méid i gcónaí atá an t-airgead atá á chaitheamh againn ar mhaithe leis an nGaeltacht. Chomh maith le £2,077,000 i Vóta Roinn na Gaeltachta tá £475,000 ar fáil mar airleacan as an bPríomh-Chiste do Ghaeltarra Éireann i mbliana. Dá réir sin tá os cionn £2½ mhilliún á chur ar fáil don Roinn agus do Ghaeltarra; is méadú faoi cheathair é sin ar an tsuim a bhí ar fáil dóibh sular foilsíodh an Paipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge. Is léiriú a bhfuil ráite agam ar an bhfonn atá ar an Rialtas leas eacnamaíoch, sóisialach agus cultúrtha na Gaeltachta a chur chun cinn agus ar an bhfuinneamh lena bhfuiltear ag cur chuige.
Tá roinnt leasuithe á ndéanamh leis an Meastachán Forlíontach agus, nuair a chuirtear iad sin san áireamh, is mar seo a leanas atá príomhshuimeanna na bliana seo:—
£200,000 le haghaidh scéimeanna tithíochta: mar gheall ar an nganntanas stroighne a bhí ann i dtús na bliana meastar gur leor an tsuim sin,
£515,000 le haghaidh scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht,
£260,000 le haghaidh scéimeanna cultúrtha agus sóisialacha,
£150,000 d'eagrais áirithe Ghaeilge,
£225,000 do Ghaeltarra le haghaidh caiteachais reatha, agus
£600,000 do Ghaeltarra le haghaidh na ndeontas a íoctar chun comhthionscail agus miontionscadail a chur chun cinn.
£1,950,000 san iomlan atá i gceist sna suimeanna sin—ardú £425,000 ar ar soláthraíodh anuraidh.
Tugtar roinnt mhaith eolais mar gheall ar scéimeanna agus obair Roinn na Gaeltachta iLeabhrán Eolais na Roinne: cuireadh cóipeanna den eagrán reatha chuig na Teachtaí i rith na bliana. Feicfear in aguisín sa leabhrán conas mar a caitheadh breis agus £7 milliún d'airgead poiblí in imeacht cúig bliana ó foilsíodh an Páipéar Bán a luaigh mé.
Ós rud é go raibh deis ag an Dáil an tseachtain seo caite an Bille um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1971, a phlé, ní dóigh liom gur gá mórán a rá faoi chúrsaí Ghaeltarra Éireann ar an ócáid seo. Ní miste a lua, áfach, nach beag a bhfuil déanta ó tugadh cumhachtaí breise do Ghaeltarra tamall gairid de bhlianta ó shin: na tionscail, idir mhór agus bheag, a bhfuil cúnamh ceadaithe ag Gaeltarra dóibh le blianta beaga anuas meastar, ach iad a bheith faoi lánseol, go gcuirfidh siad fostaíocht bhreise lán-aimsire ar fáil do suas le 1,500 cainteoir Gaeilge ina gceantair dhúchais. Faoi mar a luaigh mé an tseachtain seo caite tá lánfhostaíocht sna seachtóidí do no cainteoirí Gaeilge leagtha amach mar chuspóir agam, agus tá iarrtha agam ar Ghaeltarra plean chuige sin a ullmhú.
Is léir gur ábhar dóchais an dul chun cinn atá á dhéanamh ag Roinn na Gaeltachta agus ag Gaeltarra Éireann —a bhfuil soláthar dóibh sa Mheastachán seo.
Molaim an Meastachán don Teach.