Tairgim:
Go ndeonófar suim fhorlíontach nach mó ná £10 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1972 le haghaidh tuarastáil agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.
Is é an príomhchuspóir atá leis an Meastachán Forlíontach seo ná £150,000 breise a chur ar fáil chun an deontas-i-gcabhair i ndáil le caiteachas reatha Ghaeltarra Éireann a mhéadú go dtí £350,000. Baintear feidhm as an airgead sin chun caiteachas de dhá shaghas a ghlanadh:
caillteanas a tharlaíonn ar na tionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra féin, agus
na costais reatha a ghabhann le forbairt na tionsclaíochta sa Ghaeltacht.
B'fhéidir nár mhiste a mhíniú nach bhfuil aon chuid de na costais chaipitil a íoctar chun tionscail a chur chun cinn sa Ghaeltacht i gceist sa £350,000 atá luaite agam: tá £1,150,000 eile fós ar fáil do Ghaeltarra i mbliana mar sholáthar caipitil—£675,000 chun deontais a íoc le comhthionscail agus le miontionscail agus £475,000 chun scaireanna a cheannach i gcomhlachtaí agus chun monarchana a thógáil. Chun caipiteal mar sin a chaitheamh go héifeachtach ní foláir do Ghaeltarra dul faoi chostais eile—bíonn foireann ag plé le tograí éagsúla, mar shampla —agus is iad sin na costais reatha atá i gceist agam. Is ag dul i méad a bheidh na costais sin chun an cuspóir atá leagtha amach againn a thabhairt i gcrích—lánfhostaíocht sna seachtóidí do na cainteoirí Gaeilge. Tuigfear ó na figiúirí atá luaite agam nach gá do Ghaeltarra diúltú d'aon togra fiúntach cheal airgid.
Ó tharla go raibh díospóireacht fhada anseo i mí na Samhna seo caite ar Mheastachán Bunaidh na Roinne don bhliain 1971-72, ní dóigh liom gur gá dul isteach go mion sna cúrsaí céanna anois. Tig liom a rá, áfach, nach beag a bhfuil á dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeltacht agus go bhfuil a fhios agam nach miste bheith ag brath ar thacaíocht ó gach taobh den Teach seo chun leas na Gaeltachta a chur chun cinn.
Molaim an Meastachán Forlíontach don Teach.