d'Aire na Gaeltachta cé mhéid airgid a caitheadh i ngach Gaeltacht sa bhliain dar chríoch 31 Márta 1973.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Caitheamh Airgid sa Ghaeltacht.
Mr. Kitt
Is i bhfoirm tábla atá na figiúirí agus, le do cheadsa a Cheann Comhairle, cuirfear timpeall é sa Tuairisc Oifigiúil. Seo a leanas an t-eolas:
Táthar ag glacadh leis gurb é atá i gceist ná caiteachas díreach Roinn na Gaeltachta ar scéimeanna tithíochta, scéimeanna feabhsúcháin agus scéimeanna cultúrtha agus sóisialacha, fómhírchinn D, E agus F de Vóta na Roinne, i ngach contae ina bhfuil cuid den Ghaeltacht. Is mar seo a leanas a bhí an caiteachas sin sa bhliain 1972-73:
An contae Gaeltachta |
An caiteachas |
£ |
|
Dún na nGall |
278,600 |
Maigh Eo |
118,200 |
Gaillimh |
437,900 |
Ciarraí |
234,900 |
Corcaigh |
92,200 |
Port Láirge |
22,400 |
An Mhí |
3,200 |
An tlomlán |
£1,187,400 |
Níl caitheachas Ghaeltarra Éireann san áireamh. Íocadh £2,282,000 d'airgead poiblí le Gaeltarra sa bhliain sin.