Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 May 1973

Vol. 265 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéim Ghaeltachta.

14. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé ráiteas iomlán ar an scéim leasaithe le breis airgid a íoc le mná tí na Gaeltachta, a foilsíodh ar na mallaibh.

Is amhlaidh a leasaíodh téarmaí scéim na bhfodhlaimeoirí Gaeilge chun an ráta deontais a bhí iníochta i leith daltaí a bhíonn ag freastal ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht a dhúbailt. Faoin scéim leastaithe beidh deontas nach rachaidh thar £7 in aghaidh na seachtaine, £24 do thréimhse 24 lá, iníochta le bean tí cháilithe i leith foghlaimeora aitheanta Gaeilge. Is airgead don bhean tí féin leath na suime sin. Is cabhair chun táille an fhoghlaimeora a laghdú an leath eile —agus í le cur san áireamh dá réir i socrú na dtéarmaí iostais.

Cuireadh litreacha dá réir sin chuig na mná tí agus rúnaithe na gcoláistí samhraidh ar an 16ú lá d'Aibreáin.

De réir an scéim leasaithe a thug sibh dúinn anseo deir sé go mbeidh £1 le fáil ag bean an tí sa Gaeltacht in ionad an 50p a fuair sí anuraidh. Ba mhaith liom a fhiafraigh den Aire goidé mar a chabhróidh seo le bean an tí nuair adeir ráiteas na Roinne nach do bhean an tí féin ach leath na suime seo agus gur cabhair chun táille an fhoghlaimeora an leath eile?

Níl aon athrú ar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a chuireadh amach um Nollaig na bliana 1971 ach amháin go bhfuil an deontas dúbhailte. Tá dhá chuspóir ag an deontas dúbhailte, sé sin, brontanas don bhean tí agus laghdú ar focaíocht na dtuismitheóirí chun iad a spreagadh chun a bpáistí a chur go dtí an Ghaeltacht. Tá gach eolas i dtaobh an athruithe sin sna litreacha a chuireadh amach i mí Aibreán seo caite. Tá an scéim faoi scrúdú agam anois chun a fháil amach an féidir aon fheabhsú eile a chur ar an scéim.

Tá a fhios agam gur déanadh an deontas a dhúbhailt do bhean an tí ach deir an scéim go bhfuil leath den airgead ag dul do bhfuil an tí agus an leath eile don fhoghlaimeoir. Mar sin, beidh ar na coláistí Gaeilge na táillí ísliú, agus má bhíonn ar na coláistí an táille a ísliú, ní bheidh siad ábalta an oiread céanna airgid a íoc leis na mná tí. Sé fírinne an scéil é nach bhfuil aon difríocht idir an méid a bheidh le fáil ag an mbean tí i mbliana agus a fuair sí anuraidh.

An bhfuil an Teachta i aghaidh na scéime?

Níl sí ag fáil an ardú agus sin é an fá gur thóg mé an cheist.

Ní sí ag fáil an t-ardú. Sin í an deacracht.

Níl sí ag fáil an airgid.

Tadhg an dá thaobh.

Ní bheidh an deontas breise á fháil acu.

Mar gheall ar an rud a dúirt an Teachta, mar aduras, tá an scéal faoi scrúdú agam féacaint an féidir rud áirithe a dhéanamh faoin cheist a chuir an Teachta. Bheidh a fhios aige go bhfuil deacrachtaí ag baint leis.

Tá a fhios agam, mar a deir an tAire, go bhfuil deacrachtaí ag baint leis agus beidh mé búioch de má amharcann sé isteach a scéal.

Top
Share