Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 21 Jun 1973

Vol. 266 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bord Ghaeltarra Éireann.

48. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta (a) an bhfuil bord ur ceaptha aige do Ghaeltarra Éireann agus (b) an inseoidh se ainmneacha agus seolta comhaltaí an bhoird uir.

D'eisigh mé ráiteas i dtaobh an bhoird roinnt seachtainí o shin agus tá cóip curtha chuig an Teachta agam. Chomh maith leis sin, thug me ainmneacha na gcomhaltaí uile atá ar an mbord sa Dáil ar an 22 Bealtaine.

Nach bhfuil a fhios ag an Aire gurab í Gaeltacht Mhuigheo an tríú Gaeltacht is mó sa tir agus nach bhfuil a fhios aige freisin nach bhfuil duine ar bith ó Ghaeltacht Mhuigheo ina bhall den bhord? An bhféadfadh sé a insint dúinn cén fáth go ndearnadh failí i nGaeltacht Mhuigheo?

Mr. R. Burke

Níl cúram Roinn na Gaeltachta ormsa agus, dá bhrí sin, ní féidir liom freagairt ar son an Aire atá as láthair. Tá mé ag freagairt na ceiste ar son an Aire ach níl mé á freagairt ar son toghadh an bhoird.

Bhí fath ar leith agam leis an gceist seo a chur agus ba maith liom ceist eile a chur ar an Aire. Thárla go raibh tionscalaí le tionscal a bhunú i gContae Mhuigheo agus mhol Bord Ghaeltarra Éireann an tionscal sin a chur i nGaeltacht eile agus sin é an fáth gur chuir mé an cheist. Tá éagóir a déanarnfa ar Ghaeltachtai Mhuigheo. Ba mhaith liom Cothram na Féinne a bheith ie táil againn.

Mr. R. Burke

Ní féidir liomsa a chruthú nó gan a chruthú go bhfuil an ceart ag an Teachta sa mhéid adúirt sé faoi cheist seo na tionscalaíochta i Muigheo. Níl a fhios agarnsa gur thárla sin toisc gan duine ar bith ó Mhuigheo a bheith ar an gcoiste seo.

An bhfuil aon bhaint dhireach ag aon bhall den choiste seo ie páirtí poiliticiúil?

Mr. R. Burke

Níl an t-eolas sin sa rud seo. Ní feidir liom a rá an bhfuil nó naoh bhfuil.

Top
Share