d'Aire na Gaeltachta céard é (i) líon na ndaltaí scoile a rinne freastal ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht i mbliana agus (ii) líon na dteaghlach a fuair deontais dá réir.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cúrsaí Samhraidh sa Ghaeltacht.
D'íoc mo Roinnse deontais le 764 theaghlach Gaeltachta i leith 13,762 dhalta a rinne freastal ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht i mbliana.
An raibh an oiread páistí nó daltaí scoile ag freastal ar na coláistí Gaeilge sa Ghaeltacht i mbliana agus a bhí ann anuraidh?
Níl mórán eolais agam anseo ach amháin na figiúirí ach tá——
B'fhéidir go dtiocfadh leis an Aire an t-eolas a chur chugam.
An nglacfadh an tAire uaim go bhfuil imní ar mhuintir na Gaeltachta gur síos a bhéas an chuartaíocht ag dul amach anseo? An bhfuil aon phleananna eile aige a chuirfidh sé in áit na scéime seo a bhí ar siúl go dtí seo?
Tá na figiúirí agam anseo. Bhí méadú beag ar an líon iomlán a bhí sa Ghaeltacht i mbliana cé gur laghadthe a thárla i nDún na nGall, i gContae Mhuigheo agus i gContae Chiarraí ach bhí méadú mór i gContae na Gaillimhe agus i gContae Chorcaí. Tá na figiúirí agam anseo i leith gach ceantair Ghaeltachta agus cuirfidh mé iad go léir ar fáil don Teachta.
16. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta cé mhéid airgid a d'íoc an Roinn le nuachtáin agus irisí a foilsíodh i nGaeilge amháin sa bhliain dar chríoch an 31 Márta, 1973; ainmneacha na nuachtán agus na n-irisí sin; agus an méid a íocadh le gach ceann acú.
Is i bhfoirm tábla atá an t-eolas agus le do cheadsa, a Cheann Comhairle, tá beartaithe agam é a chur ar fáil sa Tuairisc Oifigiúil:
Seo a leanas an tábla:—
£ |
|
Inniu |
30,600 |
Amárach |
4,160 |
Comhar |
3,600 |
An tUltach |
1,800 |
Agus |
1,560 |
Tír na nÓg |
1,492 |
Deirdre |
2,000 |
Feasta |
1,980 |
An Timire |
450 |
An tIomlán |
47,642 |