Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 23 Oct 1973

Vol. 268 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Comhairle Náisiúnta Drámaíochta.

14. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard atá déanta aige chun na deacrachtaí airgeadais a luíonn ar an gComhairle Náisiúnta Drámaíochta a réiteach.

Beidh áthas ormsa deontas a chur ar fáil ar mhaithe leis an drámaíocht Ghaeilge ar fud na tíre ach, le sé mhí anuas, is amhlaidh atá dhá dhream a thugann An Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta orthu féin. Bhuail mé le hionadaithe ón dá thaobh le déanaí agus tá dóchas agam go dtiocfar ar réiteach go luath.

Is maith liom é sin a chlos. Ar mhiste liom a fhiafraigh den Aire an bhfuil sé sásta socrú a dhéanamh anois a choimeadfaidh an dá dream le chéile?

Bhuel, níl mé cinnte ach tá dóchas agam, os rud é go raibh caidreamh agam le déanaí leis an dá thaobh, go bhfuil seans maith ann anois go dtiocfar ar réiteach. Ní dóigh liom go gcabhróidh sé le cúrsaí an scéal a phlé go poiblí ach tá dóchas agam.

Muna mbíonn réiteach idir an dá dhream, an bhfuil sé beartaithe ag an Aire deontas a íoc le héinne?

Tháinig an dá dhream go dtí m'oifig chun cainte liom. Tá sé socraithe anois—agus tá súil agam go dtiocfaidh ionadaithe ón dá dhream le chéile agus go mbeidh cruinniú eile againn i gceann cúpla lá.

Top
Share