Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 23 Oct 1973

Vol. 268 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aerstráice Inis Mheáin.

13. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mar atá faoi láthair maidir leis an ngeallúint a thug sé do mhuintir Inis Meáin maidir le críochnú na hoibre ar an aerstráice ansin.

Tuigim go bhfuil an obair ar an aerstráice críochnaithe. Beidh córas tarrthála ag teastáil agus tuigtear dom go bhfuil an fearas speisialta chuige sin faighte ag an gcomhlacht a bhainfidh feidhm as an aerstráice agus go bhfuiltear ag feitheamh lena iompar go dtí an t-oileán. Táthar ag súil go mbeidh an t-aerstráice ullamh lena cheadúnú i gceann coicíse.

An nglacfadh an tAire uaim gur thug sé an gheallúint chéanna do mhuintir na h-áite nuair a bhí sé ar an oileán measaim i lár Mhí Lúnasa?

Agus ba mhaith liom a rá chomh maith go ndearna mé beart de réir mo bhriathair ar an ócáid sin.

Is é mo thuairim nach ndearna an tAire amhlaidh mar dá ndeanfadh sé beart de réir a bhriathair do bheadh sé ann cheana féin. Tá an tAire á rá anois nach mbeidh sé ann go ceann coicíse.

Dúirt an tAire sa bhfreagra go raibh duine éigin chun rud éigin a iompair go dtí Inis Mheán. Ní raibh mé in ann a chloisint cad tá á iompair go dtí an oileán. An mbeadh ar do chumas é sin a chur in iúl dom?

Is mian liom anois an scéal go léir a lua don Dáil maidir leis an aerstráice in Inis Mheán.

(Cur Isteach.)

Fan nóimeat. Is main liom gach eolas atá agam a thabhairt don Dáil maidir leis an aerstráice. Beagnach trí bliana ó shin ceadaíodh deontas chun aerstráice a leagan amach in Inish Mheán. Thárla deacrachtaí teicniúla maidir le fás an fhéir, rud a d'fhág an stráice an-mhíchothrom. Chun na deacrachtaí sin a shárú chuaigh mé féin ag breathnú ar an stráice i Mí Lúnasa nuair a bhí mé ar cuairt chun an oileáin chun iarsmalann a oscailt ann. Bhí cruinniú agam díreach ina dhiaidh sin le stiúrthóirí Aer Arann agus cúpla seachtain ina dhiaidh sin arís chuaigh mé féin ar ais go hInis Mheán le cigire ón Roinn Iompair agus Cumhachta. Do mhol seisean go leanfaí leis an stráice a rolláil, rud a chuir feabhas mór air. Tá roinnt triallacha tuirlingthe déanta go sásúil ann le tamall.

Ceist a 14.

(Cur Isteach.)

Sé an t-eolas atá agam go mbeidh an t-aerstráice ullamh lena cheadú i gceann coicíse. Is ceist don Aire Iompair agus Cumhachta í ceist an cheadúnais.

Top
Share