Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 Nov 1973

Vol. 268 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Forbairt na Gaeltachta.

156. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé sásta airgead a chur ar fáil le haghaidh cimíní a rannadh sa Ghaeltacht.

Feirmeoirí ar mian leo a gcuid cimíní a roinnt ba chóir dóibh dul i gcomhairle le Coimisiún na Talún. Dá mbeadh feabhas le cur ar an talamh faoi thionscadal na talún bheadh cabhair le fáil ó mo Roinnse sa Ghaeltacht.

157. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon teagmháil faoi leith ar siúl aige leis an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh maidir leis an Ghaeltacht.

Bíonn dlúth-teagmháil leanúnach ag mo Roinnse leis an Roinn sin.

158. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil ar intinn aige aon scéim a bhunú chun muintir na háite atá as baile a mhealladh ar ais chun na Gaeltachta.

Ba mhaith liomsa go gcuirfí obair ar fáil sa Ghaeltacht do na cainteoirí Gaeilge san ord seo a leanas chomh fada agus is féidir: daoine atá sa bhaile agus ag lorg oibre, daoine atá as baile agus ag lorg oibre sa bhaile, agus daoine eile atá as baile.

Tá feachtas ar siúl ag Gaeltarra Éireann chun daoine a mhealladh ar ais chun na Gaeltachta de réir mar a bheidh obair ar fáil dóibh.

159. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon eolas ar láimh aige maidir leis na daoine atá ag obair sa Ghaeltacht agus atá ar fhiórbheagán Gaeilge.

Ní go maith a thuigim an cheist mar is é an cuspóir atá agamsa ná obair a chur ar fáil sa Ghaeltacht do na cainteoirí Gaeilge.

Top
Share