d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon ghníomh beartaithe aige chun feabhas a chur ar sheirbhísí innealtóireachta do ghluaisteáin agus araile sna Gaeltachtaí.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Seirbhísí Innealtóireachta do Ghluaisteáin.
Daoine oilte a bhfuil fonn orthu cur chuige sin i gceantair ina bhfuil gá lena leithéid agus tuilleadh fostaíochta a thabhairt do chainteoirí Gaeilge ba chóir dóibh a bhfuil ar intinn acu a léiriú do Ghaeltarra Éireann agus b'fhéidir go mbeadh deontais le fáil acu.
An n-admhódh an Rúnaí Parlaiminte go bhfuil dualgas ar Roinn na Gaeltachta agus ar Ghaeltarra Éireann é sin a bhunú? Ní h-aon mhaith bheith a rá "má thagann siad chugainn gheobhaidh siad deontas". Nach n-admhódh sé go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh na seirbhísí seo ar fáil sa Ghaeltacht?
Ní fostaitheoir é féin an tAire. Séard atá beartaithe aige ná go mbeidh deontais le fáil, b'fhéidir, fá choinne a leithéid má chuireann fostaitheoirí in iúl do Gaeltarra Éireann é.
Nach bhfuil saghas dualgais ar an Roinn na seirbhísí seo a chur ar fáil?
Ní ghlacaim leis sin.
An nglacann an Rúnaí Parlaiminte nach bhfuil muintir na Gaelchta i dteideal seirbhísí a fháil do ghluaisteáin, rothair ghluaisteáin, tarrachóirí agus a leithéid?
Is saoránaí iad agus tá siad ar aon dul le chuile shaoránach eile ar a lán bealaí, mar is eol don Teachta, agus an méid atá an tAire toilteanach a dhéanamh tá mé in dhiaidh a insint anseo.
An í Ceist a 18 atá á freagairt ag an Rúnaí Parlaiminte, a Cheann Comhairle.
Ceist a 18? Sea.
Caithmíd dul ar aghaidh leis na ceisteanna.