d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon socrú fós ar an easaontas sa Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta.
20. D'fhiafraigh
Vol. 270 No. 6
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon socrú fós ar an easaontas sa Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta.
20. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta cad é an scéal is déanaí maidir leis an gComhairle Náisiúnta Drámaíochta.
Le do cheadsa, a Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceist a 19 agus Ceist a 20 le chéile.
D'fhonn aontas a chothú athuair i ngluaiseacht drámaíochta na Gaeilge cheap an tAire buíon bheag an mhí seo caite chun moltaí a dhéanamh. Tá an bhuíon sin i mbun oibre go fóill.
Cathain go díreach a cheapadh an coiste seo.
Níl fhios agam, is trua liom a rá. An mhí seo caite a dúirt an tAire.
Tá roinnt mhaith ama ó thosach na míosa go dtí deireadh na míosa. An bhfuil an dáta ag an Rúnaí Parlaiminte?
Tá 19 lá caite ó deireadh na míosa seo caite agus ní fhéadfainn a rá leis an Teachta go baileach cathain a bunaíodh an coiste sin ach bunaíodh é i rith na míosa atá caite. Má theastaíonn a thuilleadh eolais ón Teachta, ba chóir dó ceist eile a chur síos.