d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé ráiteas i dtaobh na naoi mórthionscal a d'fhógair sé le déanaí.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fostaíocht Ghaeltachta.
D'eisigh an tAire ráiteas ar an 23 Eanáir mar gheall ar chomhthionscail áirithe agus le do cheadsa, a Cheann Comhairle, cuirfidh mé timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é.
Seo a leanas an ráiteas:
Níor mhaith liom go gceapfaí nach bhfuil dul cinn mór á dhéanamh faoi láthair. Mar shampla de sin b'fhéidir gur leor roinnt comhthionscal a lua a raibh páirt agam féin ina gceadú le sé mhí anuas: is tionscail iad sin ina bhfuil Gaeltarra Éireann ag dul i gcomhar le daoine eile.
I gCo. na Gaillimhe: |
|
W.C.P.T. Teoranta, Na Forbacha |
Biúró ríomhaireachta |
Bíomara Teoranta |
Bithcheimicigh a chur ar fáil do shaotharlanna leighis. |
Aer Árann Teoranta |
Páirt á glacadh ag Gaeltarra ann d'íhonn an tseirbhís a leathnú. |
Co. Mhaigh Eo: |
|
Snáth Teoranta, Béal an Mhuirthead |
Snáth polyester a shníomh don tionscal teicstíle. |
Co. Dún na nGall: |
|
Telectron Teoranta, Gaoth Dobhair |
Comhpháirteanna do threalamh teileachumarsáide. |
Clós Bád Mhuíbhí Teo., Na Dúnaibh |
Déanamh bád iascaireachta. |
Scadáin Teo., Ailt an Chorráin |
Próiseáil éisc. |
Comhthionscal mór eile atá faoi rún go fóill. |
|
Co. Chiarraí: |
|
Anthos Teoranta, Baile an Sceilg |
Plandaí potaí faoi ghloine. |
Cois Mara Teoranta, Baile an Sceilg |
Plandaí amuigh faoin spéir. |
Séal Teoranta, An Daingean |
Próiseáil éisc. |
Cuirfidh na comhthionscail áirithe sin 500 post ar fáil—gan trácht ar a lán miontionscal eile dá gcuid féin a bhunaigh nó a leathnaigh muintir na Gaeltachta féin le cabhair ó Ghaeltarra sa tréimhse chéanna.
Maidir leis an gcomhthionscal mór i gCo. Dhún na nGall a bhí faoi rún an uair sin, A.O.D.C. Teo i gCill Charthaigh atá i gceist agus déanfaidh sé snáth cairpéid.
An bhféadfainn iarraidh ar an Rúnaí Parlaiminte, amach anseo nuair a bheidh fógra dá leithéid seo á dhéanamh aige go mb'fhéidir go gcuirfeadh sé cóip den ráiteas sin chugamsa?
An ndéanfaidh mé amach don Teachta láithreach bonn é más mian leis é?
Níl mé ag iarraidh ar an Rúnaí Parlaiminte é sin a dhéanamh. An mbeidh sé sásta agus a leithéid á dhéanamh ag an Aire as seo amach cóip den ráiteas a chur chugam?
Cuirfidh mé in iúl don Aire an méad atá ráite ag an Teachta.
Go raibh maith agat.
25. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist ríomhaire a bhunú sa Ghaeltacht; agus mura bhfuil, cén fáth.
Tá ríomhaire bunaithe sa Daingean i gContae Chiarraí cheana féin agus tá ceann eile le bunú sna Forbacha i gContae na Gaillimhe.
An mbaineann an dá cheann seo leis an Rialtas?
Ní fhéadfainn é sin a rá.
An bhfuil seans ann go gcuirfí ceann i gceann de na Gaeltachtaí?
Már adúirt mé i daobh na ceiste deireanaí, cuirfidh mé an méad atá ráite ag an Teachta in iúl don Aire, acht ní fhéadfainn barántas ar bith a thabhairt dó.
26. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon phleananna aige chun fostaíocht a chur ar fáil do lucht na hardteistiméireachta sa Ghaeltacht.
Cuirfear cuid mhaith fostaíochta ar fáil do dhaoine mar sin i nGaeltarra Éireann féin agus sna tionscail atá á mbunú ar fud na Gaeltachta le cabhair Ghaeltarra.
Tá an-chuid daoine óga sna Gaeltachtaí taréis an ardteistiméireacht a dhéanamh agus cheana féin níl an cineál oibre ann a choinneodh san áit sin iad?
Sin díreach an fá go bhfuil Gaeltarra Éireann agus Roinn na Gaeltachta ann—chun fostaíocht a sholáthar do na daoine sin san áit ina bhfuil siad suite.
An nglacfadh an Rúnaí Parlaiminte go dtí seo nach é an cineál oibre a bhí ann a choinneodh an sin na daoine atá i gceist agam?
I dtaobh na mblianta atá thart, ghlacfainn leis sin.
An nglacfadh sé gur ceart a chur in iúl do na Ranna Rialtais go mba chóir dóibh obair den tsaghas seo a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta?
Is furasta é sin a rá ná é a dhéanamh.
An mbeidh sin mar aidhm ag an Aire?
Bí id' thost.