d'Aire na Gaeltachta cé mhéad teach cónaithe a tógadh sna Gaeltachtaí i rith (a) 1972 agus (b) 1973.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tithe Cónaithe Ghaeltachta.
23. D'fhiafraigh
Íocadh an tráthchuid dheiridh de na deontais tógála faoi Achtanna na dTithe (Gaeltachta) i leith 267 dteach nua i 1972 agus 191 teach nua i 1973.
Ceist a 24.
Táimíd taréis seacht gceisteanna a phlé anseo agus bheinn ag súil go mbeadh an oiread céanna ama ag an nGaeilge sa Teach seo agus a tugtar don Bhéarla.
Ná bí ag cur-i-gcéill.
Le do thoil, an bhfuil aon tuairim fós cé mhéad tithe a bhéas ann i mbliana?
Is féidir liom an t-eolas seo a thabhairt don Teach faoi líon na ndeontas tógála a cheadaíodh ins an dá bhliain atá caite—253 i 1972 agus 283 i 1973. Mar sin tá méadú tagtha ar líon na ndeontas a cheadaíodh.