agusMr. Molloy den Aire Oideachais cad é líon na ndaltaí scoile sa Ghaeltacht atá ag freastal ar scoileanna sa Ghaeltacht.
Ceisteanna—Questions Oral Answers. - Daltaí Scoile na Gaeltachta.
2. D'fhriafaigh
Ba é líon na ndaltaí a bhí ag freastal ar scoileanna sa Ghaeltacht i Mí Feabhra 1973 ná:
1ú leibhéal: 9,994
2ú leibhéal: 4,282
Ba dhaltaí aíochta 651 d'iomlán na ndaltaí 2ú leibhéal agus ní fios ó chroinnicí na Roinne Oideachais cárbh as díobh. Ní fios ach an oiread cé mhéid daltaí ón nGaeltacht a bhí ag freastal scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht ar an am céanna.
An bhféadhfadh an tAire an t-eolas seo a fháil maidir leis na daltaí go bhfuil orthu imeacht thar teora na Gaeltachta chun scolaíocht d'fháil?
Mr. R. Burke
Ní dóigh liom go mbeadh sé fuirist é sin a dhéanamh ach déanfaidh mé mo dícheall agus scríobhfaidh mé chuig an Teachta ina thaobh.