agusMr. Molloy d'Aire na Gaeltachta cad é líon na ndaltaí scoile sa Ghaeltacht atá ag fáil deontas speisialta £10.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Deontas Speisialta.
Thart ar 8,000 dalta a thuilleann an deontas sin.
An bhfuil na daltaí sin uile ag dul ar scoil sa Ghaeltacht?
D'fhreagair mé ceist coicís ó shin maidir leis an scéim seo. Ní bhaineann an cheist seo ach le líon na ndaltaí. Níl aon eolas eile agam.
An dtuigeann an tAire go bhfuil a lán daltaí scoile ag freastal sa Ghaeltacht nach bhfuil an deontas £10 á fháil acu? An bhféadfadh sé míniú a thabhairt air sin?
Mar adeir mé, ní bhaineann an cheist seo ach le líon na ndaltaí agus níl mórán eolais eile agam.
Cuirfidh mé ceist eile síos.
An bhfuil a fhios ag an Aire nach bhfuil an deontas don bhliain 1972-73 íoctha go fóill?
Níl mé sásta maidir leis an scéim.
An ndéanfaidh an tAire deimhin de go n-íocfar an deontas seo taobh istigh de choicís? Seo é an t-am den bhliain is mó go bhfuil gá leis an airgead do chuile athair agus chuile mháthair chun éadach agus bróga a cheannach do dhaltaí atá ag freastal scoile sa Ghaeltacht, go mór-mhór in áiteanna nach bhfuil seirbhísí iontu. Tá súil agam go n-íocfar as chuile dhalta taobh istigh de coicís.
Admhaím nach bhfuilim sásta leis an scéim mar atá sé. Níl na híocaíochtaí déanta go fóill i leith 1972-73. Is ceist do na cigirí ón Roinn Oideachais na daltaí a scrúdú agus tá mo Roinnse ag feitheamh go fóill le tuarascáil ón Roinn eile.
An easpa airgid atá i gceist?