Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 27 Mar 1974

Vol. 271 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aerstráice Ghaeltacht Thír Chonaill.

4. D'fhiafraí

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon dul chun cinn déanta maidir leis an aerstráice i nGaeltacht Thír Chonaill.

Nuair a d'fhreagair mé ceist ina thaobh sin tamall ó shin dúirt mé go rabhthas ag plé le cúrsaí teidil don láithreán agus go raibh Coimisiún na Talún ag feitheamh le dréacht de ghníomhas iontaobhais. Bhí mé ag glacadh leis go mbeadh an dréacht ar fáil gan mhoill ach is oth liom a rá nach bhfuarthas é go dtí le fíor-dhéanaí. Tá sé á scrúdú faoi láthair ag Coimisiún na Talún.

An ar an Aire Tailte atá an locht?

Nach bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil sé ag cur airgid amú le h-aerstráice féir a chur síos in nDún na Gall, i nGaillimh, i Muigheo nó i gceanntair eile sa Ghaeltacht, agus gur cóir mianach crua a chur síos mar aerstráice?

An bhfuil an tAire sásta leanúint ar aghaidh chun seilbh a ghlacadh ar thalamh ó 68 daoine agus gan a fhios aige go fóill an mbeidh na daoine sin sásta an talamh a chur ar fháil?

Muna mbíonn na daoine sásta an talamh a chur ar fáil, ní féidir an aerstráice a chur síos in aon chor.

Cén fá nach bhfuair tú é sin amach roimh-ré?

Bhuail mé le toscaireacht ón Comhairle Paróiste sin cúpla seachtain ó shin agus chuir siad in íul dom go raibh fonn mór orthu an aerstráice a chur síos san áit sin.

An n-abrann an tAire anois go bhfuil dul chun cinn an aerstráice seo ag brath ar thoil 68 duine?

Mar adúras, más mian leis na 68 duine sin an laithreán a chur ar fáil, beidh an aerstráice ann; muna mbíonn siad sásta, beidh orainn laithréan eile a fháil.

Ba cheart don Aire é sin a fháil amach i dtosach.

Top
Share