Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 27 Mar 1974

Vol. 271 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Siamsa Tíre.

5. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé níos mó eolais maidir leis an airgead atá geallta aige do chúrsaí siamsaíochta i gContae Chiarraí.

Tá aontaithe agam ó thaobh prionsabail deontas a chur ar fáil don ghluaiseacht Siamsa Tíre dá gclár oibreacha caipitil—amharclann i dTrá Lí, teach siamsa i bhFionnúig agus teach siamsa eile i nGaeltacht Chiarraí. Deontas nach rachaidh thar 25 faoin gcéad den chostas caipitil, nó £50,000 ar a mhéad, atá geallta agam ar an tuiscint—(1) nach lorgófar íocaíocht ón Roinn go dtí go mbeidh £100,000 bailithe ón bpobal agus caite ar na hoibreacha, (2) go dtabharfar aird speisialta ar an nGaeilge agus (3) go gcoimeádfar dlúth-theagmháil le haon dream eile a bheidh ag gabháil dá leithéid d'imeachtaí le cabhair ón Stát. Táim sásta go rachaidh Siamsa Tire chun mórthairbhe dár gcultúr dúchais—an Ghaeilge féin agus ceol, amhránaíocht agus béaloideas na hÉireann.

An nglacfaidh an tAire go raibh sé sna Páipéir go raibh sé chun deontas £100,000 a thabhairt don rud seo?

Dúras go mbeadh £50,000 le fáil ó Roinn na Gaeltachta agus deontas £50,000 breis le fáil ó Bhord Fáilte, ón Roinn Iompair agus Cumhachta.

An nglacfaidh an tAire anois nach bhfaighidh na daoine seo aon airgead muna mbíonn siad féin in ann £100,000 d'fháil?

Sin iad na coinníollacha agus tá Bord na Siamsóirí sásta an £100,000 a bhailiú.

Top
Share