Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 24 Apr 1974

Vol. 272 No. 1

Written Answers. - Forbart Ghaeltacht Tír Chonaill.

149. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad iad na háiteacha i dTír Chonaill a bhfuil sé ar intinn ag a Roinn airgead a chaitheamh le linn na bliana 1974; agus cén sórt oibre atá i gceist i ngach cás.

Is amhlaidh a mheastar go gcaithfear airgead faoi scéimeanna na Roinne ar fud na Gaeltachta i rith na bliana ach ní fhéadfaí bheith cinnte roimh ré mar gheall ar na háiteanna uile ina gcaithfear é. Bíonn deontais á gceadú go leanúnach ach is deacair a rá cén obair a dhéanfar laistigh de thréimhse áirithe.

150. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid airgid ar fad a chaith a Roinn i dTír Chonaill sa bhliain 1973-74; agus cé mhéid a mheasann sé a chaithfear le linn na tréimhse Aibreán—Nollaig, 1974.

Faoi scéimeanna Roinn na Gaeltachta (gan caiteachas Ghaeltarra Éireann a áireamh) caitheadh £328,000 ar dheontais i nGaeltacht Dhún na nGall sa bhliain 1973-74 agus meastar go gcaithfear timpeall £275,000 sa tréimhse naoi mí go 31 Nollaig, 1974.

Top
Share