Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 9 May 1974

Vol. 272 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bord na Gaeilge.

28. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an féidir bheith ag súil le Bord na Gaeilge; agus, más féidir, cén uair.

Níl breith tugtha ag an Rialtas ina thaobh sin.

Sin é an fáth gur chuir mé an cheist isteach. An féidir bheith ag súil le breith agus más féidir cathain a thiocfaidh sé?

Tá súil agam go mbeidh scéala nó fógra agam sar i bhfad.

Nuair adeirtear "as soon as possible" tuigim an bhrí a ghabhann leis. An bhfuil aon seans ann go bhfuil difríocht idir sin agus "sar i bhfad?"

Ní féidir liom an dáta a thúirt ach beidh scéala ann chomh luath agus is féidir.

An féidir linn a bheith cinnte go mbeidh breith ann agus go mbeidh sí fabharach?

Mar adúras, níl breith tugtha fós ag an Rialtas ach mar sin féin tá fó-choiste an Rialtais ag déanamh stáidéir ar an gceist seo chomh maith leis na moltaí atá sna tuarascála a chuir Comhairle na Gaeilge amach. Tá siad go léir faoi stáidéar agus níl an stáidéar sin críochnaithe fós ach tá súil agam go mbeidh sé críochnaithe sar i bhfad.

Tá sé tábhachtach go mbeadh an bhreith sin fabharach do bhunú Choiste na Gaeilge?

Baineann an cheist seo leis an Rialtais. Ceist don Rialtas iomlán é ach ní cóir domsa fógra a thúirt anois nó aon rud a rá go poiblí. Is dóigh liom go dtuigeann an Teachta é sin.

Caithfimid dul ar aghaidh anois go dtí Ceist a 29.

Top
Share