d'Aire na Gaeltachta cén uair a bheidh Údarás na Gaeltachta ar bun.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.
29. D'fhiafraigh
Ní foláir Bille a chur faoi bhráid na Dála ar dtús agus ní féidir liom a rá go fóill cén uair a bheidh sé ullamh.
An bhfuil aon tuairim ag an Aire cén uair a bheidh sé ullamh?
Mar adúras aréir agus mé ag oscailt an Teaspántas Gaeltachta táimid ag obair ar an mBille faoi láthair agus ní féidir liom a bheith cinnte cathain a bheidh sé ag teacht faoi bhráid na Dála ach tá mé ag súil go mbeidh an Bille ós comhair na Dála sa bhFomhar agus go mbeidh an t-údarás i ngníomh roimh dheireadh 1974.
Dúirt an tAire liomsa an mhí seo caite go mbeidís ann roimh dheireadh na bliana agus níor thángadar fós. Anois an féidir liom a bheith cinnte maidir leis an mBille seo——
Is féidir.
——go mbeidh sé ann?
Is féidir.