Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 17 Jul 1974

Vol. 274 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aistriú Roinn na Gaeltachta.

21. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén socrú atá déanta aige maidir le haistriú na Roinne chuig na Forbacha, Contae na Gaillimhe.

Faoi mar a d'fhógair mé an mhí seo caite, is é atá beartaithe ná oiread agus is féidir d'obair na Roinne a aistriú go dtí na Forbacha i nGaeltacht na Gaillimhe. Táimid ag dul ar aghaidh leis na socruithe faoi láthair.

Is maith liom é sin a chloisint ach ar bhféadfainn fhiafraigh den Aire an ndeachaidh sé i gcomhairle fíu amháin le muintir na háite ins na Forbacha faoin aistriú seo?

Ba mhaith liom mhíniú agus tagairt a dhéanamh don fhógra a chuir mé amach ar an 14ú lá de Mhí Meithimh. Aistreofar oiread agus is féidir d'obair na Roinne go dtí na Forbacha i nGaeltacht na Gaillimhe. Glacfar lánchomhairle le comhaltaí na foirne agus is dá dtoil féin a aistreofar iad. Comh maith leis sin is féidir liom a rá ag an bpoinnte seo, mar a dúras cheana, go bhfuilimid ag dul ar aghaidh leis na socraithe faoi láthair. Is féidir liom a rá ag an bpoinnte seo go mbeidh an oifig nua suite in aice le ceann ceathrú le Gaeltarra Éireann ins na Forbacha. Tá láthair ann a oireann don oifig agus tá sé socraithe anois go mbeidh oifig nua tógálta ann agus is ann a bheidh an foireann ó mo Roinn-se.

Cé mhéid daoine atá i gceist?

Tá timpeall 70 ag obair faoi mo Roinn-se faoi láthair agus tá timpeall 20 ag obair faoin dtuath. Nílim cinnte fós ach mar a dúras tá sé beartaithe go n-aistreofar ar oiread agus is féidir ach ní féidir liomsa "guess" a dhéanamh ag an bpoinnte seo. Sé mo thuairim go mbeidh 40 i gceist.

An bhfuil sé beartaithe ag an Roinn tithe a thógáil don fhoireann a chuirfear chuig na Forbacha ionnas go mbeidh na daoine sin ina gcónaí sa Ghaeltacht agus nach mbeidh siad ag brú isteach chun an cathair chun tithe a fháil annsin? Beidh na daoine sin ina gcónaí taobh istigh an Ghaeltacht?

Ta siúl agam go mbeidh.

An bhfuil an talamh ceannaithe nó aon pleannanna déanta fós maidir leis na tithe sin ina mbeidh na daoine seo ina gcónaí ionta?

Sin ceann de na ceisteanna atá le réiteach.

Top
Share