Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 17 Jul 1974

Vol. 274 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bord na Gaeilge.

20. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard é an scéal is déanaí maidir le bunú Bhord na Gaeilge.

Táim ag dul ar aghaidh chun Bord na Gaeilge a bhunú ar bhonn ad hoc agus, ina dhiaidh sin, beidh Bille ag teacht faoi bhráid na Dála chun é a chur ar bhonn reachtúil. Beidh cumhachtaí feidhmiúcháin ag an mbord chun leas na Gaeilge a chur chun cinn.

An bhféadfaidh an tAire a rá cé chomh luath tar éis bunú an coiste sealadach seo a thiocfas an Bille os comhair na Dála?

Ainmneofar comhaltaí an bhoird an chéad seachtain de mhí Lúnasa, is é sin faoi cheann trí seachtain.

A bhféadfaidh an tAire a rá an bhfuil baill an Rialtais go léir ar aon aigne faoi chén obair a bhéas ar siúl ag an mBord seo?

Beidh an bord bunaithe agus beidh feidhmeanna oiriúnacha ag an mBord sin agus beidh na feidhmeanna sin de réir na moltaí sa tuarascáil Feidhmiú Polasaí Teanga. Táim cinnte go ndéanfaidh an bord sin dea-obair ar son na Gaeilge. Beidh cumhachtaí feidhmiúcháin ag an bord chun leas na Gaeilge a chur chun cinn ar na bealaí is éifeachtaí is féidir.

Ins na moltaí sin moladh go mbeadh an bord seo ann chun an Ghaeilge d'athbheocaint. An bhfuil an tAire á rá liomsa go bhfuil baill go léir an Rialtais ar aon aigne? Ní raibh sé fhéin in ann a chuid ceisteanna fhéin a fhreagairt.

Táimid ag dul ar aghaidh.

Ba maith liom an cheist sin a fhreagairt, a Cheann Comhairle. Faoi mar d'fhógair mé go poiblí ar an 14 Meithimh, tá sé beartaithe ag an Rialtas Bord na Gaeilge a bhunú agus cumhachtaí feidhmiucháin aige chun leas na Gaeilge a chur chun cinn. Tá an cinneadh sin ag teacht leis an tuarascáil Feidhmiú Polasái Teanga. Tá sé beartaithe, ní ag Aire na Gaeltacht amháin ach ag an Rialtas.

Dúirt an tAire é sin. Dúirt Airí eile rudaí eile. Níl ag teastáil uaimse ach bheith cinnte.

Táimid ag dul ar aghaidh anois go dtí ceist eile.

An mbeidh vótáil saor air?

Top
Share