Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 17 Jul 1974

Vol. 274 No. 8

Committee on Finance. - Díospóireacht ar an Athló: Cúrsaí Ghaeilge.

Do thug an Teachta Riobard Ó Maoildhia fógra ábhar Ceist Uimhir 17 a phlé ar an Athló.

Tá mé buíoch as ucht an seans a thug tú dhom an cheist seo a phlé. Mar is eol don Teach, chuir mé síos ceist chun Aire na Gaeltachta inniu, Uimhir a 17 ar an gclár, fiafraí dhe an bhfuil scéim ar láimh aige le scoláireachtaí a thabhairt do mhic léinn a bheadh ag freastal ar chúrsa tré Ghaeilge i gColáistí Réigiúnacha. Fuair mé freagra ón Aire ag rá "Tá scoláireachtaí áirithe dá leithéid sin á dtabhairt ag mo Roinnse: íocadh iad i Mí Márta seo caite don scoilbhliain 1973-74."

Dúirt mé inniu nach raibh mé sásta leis an bhfreagra sin mar, sa chaoi a fheicimse é, ní freagra ceart é ar an gceist a chuir mé síos. D'iarr mé ar an Aire an bhfuil scéim ar láimh aige chun na scoláireachtaí seo a thabhairt. Bhí mé ag labhairt faoi seacht scoláireachtaí a híocadh i nGaillimh do scoláirí a bhí ag freastal ar an gColáiste Réigiúnach i nGaillimh i Mí Márta seo caite. Bhí eolas agam faoi na seacht scoláireachtaí seo sara chuir mé síos an cheist. Séard atá ag cur as do údaráis an choláiste agus do na scoláirí féin ná nach raibh aon scéal fáighte acu ón Aire go mbeadh na scoláireachtaí seo ar fáil arís an bhliain seo chugainn, nó fiú go mbeadh na scoláireachtaí seo ar fáil ins na blianta amach romhainn—gur scéim seasta a bhí i gceist aige.

Chuir sé féin in iúl don Dáil ar an 12ú lá de Mhárta seo caite go raibh scéim ar láimh aige le scoláireachtaí a thabhairt do mhic léinn a bheadh ag freastal ar chúrsaí tré Ghaeilge i gcoláiste réigiúnach. Ar an 20ú lá de Mhárta sa Dáil agus é ag labhairt ar rún a bhí ós ár gcomhair ag an Teachta Tunney, dúirt sé an rud céanna. Cheap mé nuair a chuir mé síos an cheist seo ag iarraidh air an raibh scéim ar láimh aige go bhfaighinn eolas faoin scéim uaidh, mar is rud tábhachtach é do na scoláirí óga seo agus do dhaoine eile go háirithe an dream atá ina gcónaí sa Ghaeltacht a bheadh ag súil go mbeadh siad in ann freastal ar chúrsaí tré Ghaeilge.

Mar is eol don Aire, tá cúrsa dhá bhliain i gnó staidéar sa Choláiste Réigiúnach i nGaillimh. Chuir Gaeltarra Éireann ocht scoláireachtaí ar bun, £700 do gach scoláire ar feadh dhá bhliain. Chuir RTE dhá scoláireachtaí ar bun le haghaidh an chúrsa dhá bhliain—£300 sa bhliain a cuireadh in iúl domsa. Bhí 17 scoláirí ag freastal ar an gcúrsa seo. Dá bhrí sin seachtar ar an gcúrsa nach raibh aon íocaíocht dhá fháil acu ó aon áit. Ní raibh aon scoláireacht ar fáil dóibh agus i Mí Márta rinne Roinn na Gaeltachta íocaíocht dóibh. Níl mé cinnte cé mhéad a thug siad ach cuirtear in iúl dom gur £350 an iomlán. B'fhéidir go gcuireadh an tAire in iúl dom ina dhiaidh seo an é sin an figiúir nó nach é. Rinneadh aniarracht a fháil amach ó Aire na Gaeltachta, óna Roinn, ón Roinn Oideachais comh maith an mbeadh na scoláireachtaí seo ar fáil do na scoláirí seo an bhliain seo chugainn. Níl fhios agam cén fá nach raibh an Roinn sásta an freagra a thabhairt dóibh, go háithrid nuair a chuir an tAire in iúl don Dáil i Mí Márta seo caite go raibh scéim ar lámha aige—ach ní bhfuair aon duine sa Choláiste Réigiúnach i nGaillimh ar aon nós aon scéal faoin scéim sin. Tá trí nó ceithre mhí caite ó chuir tú seo in iúl don Dáil agus is aisteach liomsa agus leis na húdaráis i mbun an choláiste seo agus na scoláirí an mhoill leis an eolas a chur ar fáil.

Tá laetheannta saoire ag na scoláirí faoi láthair agus tá na húdaráis sa choláiste ag iarraidh réiteach a dhéanamh maidir leis na gcúrsai a bhéas ar siúl sa choláiste sin an bhliain seo chugainn. Ach níl siad in ann aon eolas a thabhairt d'aon scoláire a mbeadh suim aige freastal ar na cúrsaí seo tré Ghaeilge mar ní raibh aon eolas fáighte acu go dtí seo ó Roinn na Gaeltachta, a thug an gheallúint seo sa Dáil agus in áiteacha eile, no ón Roinn Oideachais, a bhfuil cúram an choláiste seo orthu.

Cuirtear in iúl domsa go rinneadh an-iarracht an t-eolas seo a fháil agus nach raibh an t-eolas le fáil mar fhreagra ar na ceisteanna agus na litreacha agus na glaoanna ar an telefóin don dá Roinn, Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Oideachais agus fiú litir a chuir an tAire féin amach do Theachta eile níor thug sé dó ach an t-eolas céanna a thug sé domsa mar fhreagra inniu, eolas a bhí agam sar a chuir mé síos an cheist ar chor ar bith.

Tuigeann an tAire nach bhfuil aon chúrsa eile sa tír cosúil leis an gcúrsa seo, cúrsa gnó 'na bhéadh go haithrid leads óg ón Ghaeltacht in ann freastal ar chúrsa árd-chaighdeánach comh maith le cúrsa gnó in aon áit eile sa tír ach an difríocht seo go bhféadann siad an cúrsa a dhéanamh 'na teanga fhéin. Cuireadh an cúrsa ar bun de bharr scéal a bhfuair siad ó Chonnradh na Gaeilge agus cumainn eile a bhfuil suim acu sa Ghaeilge, agus de bharr na iarrataisí sin a bhfuair siad chuir siad an cúrsa speisíalta seo ar bun. Dúirt an Roinn Oideachais ag an am nach mbeadh aon mhaitheas sa chúrsa, nach mbeadh aon tsuim ag aon scoláire ann nach dtiocfadh siad chun freastal air. Tháinig 17 scoláirí ach an seachtar seo den 17 ní rabhadar cinnte go dtí innui go mbeadh an íocaíocht sin ar fáil dóibh ó Roinn na Gaeltachta don bhliain so chughainn.

D'fhéadfainnse bheith sásta leis an freagra a thug an tAire dom tráthóna mar freagra ar cheisteanna eile a chuir mé air i ndiaidh an freagra sin a thug sé dom tráthnóna, freagra a lé sé amach ach sé an cúis gur iarr mé air teacht ar ais anseo anocht chun an cheist seo a phlé liom ná chun go dtabharfainn seans don Aire eolas cruinn ceart a thabhairt don Teach so anocht faoin scéim seo agus faoin polasaí atá ag a Roinn i leith na gcúrsaí tré Gaeilge ins na coláistí reigiunacha agus chun deireadh a chur leis an dallamullóg atá ag dul ar aghaidh nó a bhí ag dul ar aghaidh go dtí seo faoin scéim seo.

Tá fearg mhór ar na múinteoirí agus ar na scoláirí faoin cheist seo ar fad go dtí seo agus ní dhéanfaidh sé aon mhaitheas don Ghaeilge, do chúis na Gaeilge nó don Ghaeltacht. Tuigim go bhfuil an tAire daíríre ina iarrachtaí chun feabhas a chur ar an scéal san Ghaeltacht agus chun an Ghaeilge a chur ar aghaidh. Is ionadh liomsa nach raibh sé in ann an t-eolas seo a chur ar fáil nuair a h-iarradh uaidh é,

Tá súil agam go bhfaighimid eolas faoin scéim, scéim a luadh i Mí Marta seo caite sa Dáil, scéim nach bhfuil aon eolas tugtha fós ag an Aire don choláiste seo nó d'aon choláiste eile b'fhéidir a bhéadh sásta cúrsa mar é nó cúrsa tré Ghaeilge ar aon nós a chur ar bun. Iarraim anois ar an Aire an t-eolas san a chur ar fáil dúinn agus deireadh a chur leis na deachrachtaí a bhí ag múinteoirí agus na húdaráis i mbun gnó ins na coláistí Reigiúnacha go dtí seo mar gheall ar an scéim seo. Ní cheapaim-se go mba chóir go mbéadh na deacrachtaí ann ar chor ar bith. Ní cóir go mbeadh aon deacrachtaí curtha sa bhealach dóibh siúd atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur ar aghaidh i nGaillimh ins an scoil bhreá seo agus tá an-obair á déanamh acu ins an scoil.

Mar sin, tá súil agam go dtógfaidh an tAire an tseans seo atá mé ag tabhairt dó anois chun an scéal ar fad a mhíniú agus go haithríd, comh maith le eolas ar an scéal a thabhairt, a dheimniú go mbeidh na scoláireachtaí seo ar fáil don bhliain seo chugainn agus go mbeidh siad ann na blianta amach uaidh sin, gur scéim seasamhach a bhéas ann.

Chomh maith leis sin ba mhaith liom iarraidh air a bhfuil fhios aige go gcosnaíonn sé suas le £12 nó £14 sa tseachtain ar na scoláirí seo fanacht i nGaillimh an fhaid is a bhíonn siad ag freastal ar an scoil le haghaidh 30 nó 33 seachtain sa bhliain nuair a bhíonn an coláiste oscailte agus go gcosnaíonn sé sin níos mó ná £400 orthu agus más £50 an méid a íocadh do na scoláirí go dtí seo is deacair a fheiceáil cén caoi a bhféadfadh siad maireachtáil i nGaillimh ar scoláireacht chomh beag leis sin, ar shuim chomh lú leis sin. Cén fá go bhfuil an difríocht chomh mór san idir méid na scoláireachtaí atá Gaeltarra Éireann ag cur ar fáil, ar £700 sa bhliain, de réir an t-eolas atá faighte agamsa, cén fá go bhfuil an difríocht chomh mór san idir na scoláireachtaí atá Gaeltarra Éireann sásta íoc don ochtar a bhain iad amach agus an seachtar a bhfuair scoláireachtaí ó Roinn na Gaeltachta? Tá difríocht de £350 idir an dá íocaíocht. Tá an ceann ó Radio Telefís Éireann níos lú fós.

Iarraim ar an Aire nach gceapann sé go mbeadh sé i bhfad níos fearr an tsuim céanna airgid a thabhairt do chuile duine acu atá ag freastal ar an gcúrsa, abair £700 don 17 scoláirí atá ag freastal ar an scoil.

Sin iad na ceisteanna a theastaigh uaim a chur ar an Aire agus tá súil agam go dtabharfaidh sé eolas cruinn ceart dúinn anocht.

Ba mhaith liom a rá ar dtús nach dtuigim cén fá go bhfuil an Teachta Molloy ag iarraidh rud mór a dhéanamh den scéal seo agus cén fá gur iarr sé cead an cheist a árdú ar athló na Dála mar do thug mé freagraí iomlán inniu agus ní raibh fonn ar an Teachta inniu éisteacht liom mar bhí sé ag cur isteach nuair bhí mé ag iarraidh eolas iomlán a thabhairt, ach mar sin féin tá an scéal á phlé againne anois.

Ar dtús ba mhaith liom a rá go bhfuil fonn mór ormsa mar Aire na Gaeltachta áiseanna árd oideachais a chur ar fail do mhuintir na Gaeltachta agus tá fonn mór ormsa cabhrú leo chun na háiseanna san a chur ar fáil agus chun scoláireachtaí a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Maidir leis an gcúrsa i staidéar gnó i gCeard Coláiste Reigiún na Gaillimhe, cuireadh tús leis an gcúrsa san Fhómhair 1973 agus, mar a dúirt an Teachta, do thug Gaeltarra Éireann ocht scoláireachtaí. Nuair a bhí mé ag freagairt innui cheapas agus dúirt gur sé a bhí ann ach tá an tuarascáil ó choiste an choláiste anseo agam agus feicim gur thug Gaeltarra Éireann, agus le airgead ón Roinnse, ocht scoláireachtaí ar £700 faoin bhliain. Chomh maith leis sin bhí coinníollacha eile ann go dtabharfadh Gaeltarra Éireann post sa Ghaeltacht do sealbhóirí na scoláireachtaí sin ag deireadh a gcúrsa agus chomh maith leis sin go mbeadh obair le Gaeltarra le linn a laetheanta saoire sa tsamhraidh ag na mic léinn san. Sin ocht scoláireachtaí ar £700.

Nuair cuireadh tús leis an gcúrsa san sa scoilbhliain agus nuair a bhí téarma na scoláireachtaí sin ó Ghaeltarra Éireann socraithe, d'iarr coiste an choláiste ar mo Roinnse scoláireachtaí breise a chur ar fail. Mar a dúras inniu, do cuireadh seacht scoláireachtaí ar fáil agus iocadh an t-airgead, £282 an ceann, i mí na Márta so caite. Tá scoláireachtaí ó Roinn na Gaeltachta ar aon dul le scoláireachtaí na Roinne Oideachais. Bhí na socraithe sin i rith na bliana caite mar ad hoc nó sealadach.

Mar a dúras inniu, chuireamar 12 scoláireachtaí ar fáil, ach ni raibh gá ach le seacht. D'íocamar an t-airgead i Mí Márta, agus nuair a bhíomar ag plé cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí Gaeltachta chuir mé in iúl don Dáil go raibh mé ag obair chun scéim nua do chúrsaí tré Ghaeilge ní amháin do Choláiste Réigiúnach na Gaillimhe ach do gach coláiste réigiúnach a bhéadh sásta cúrsaí tré Ghaeilge a chur ar fáil.

Mar is eol don Teachta mar iar Aire, maidir le aon scéim nua, go háirithe nuair a bhaineann an scéim sin le Ranna agus le hAirí eile— bhain an scéim seo leis an Aire Airgeadais agus leis an Aire Oideachais —caithfear dul i gcomhairle leis na hAirí sin. Sin mar a dheineas sa chás seo. Bhí mé ag iarraigh scéim sásúil seasmhach a chur ar fáil do na coláistí reigiúnacha do chursaí tré Ghaeilge. Do thóg sin tamall maith. Bhí comhfhreagras agus idirbheartíocht ar siúl. Tá dul chun chinn déanta, ach ag ullmhú scéim mar seo bhíos ag súil b'fhéidir go mbeadh cúrsaí tré Ghaeilge ar siúl ins na coláistí réigiúnacha eile agus b'fhéidir go mbeadh cúrsaí eile tré Ghaeilge ar siúl i gColáiste Réigiúnach na Gaillimhe. Ach tuigim anois ón eolas atá ag mo Roinnse nach mbeidh aon chúrsaí eile tré Ghaeilge le fáil sa bhliain seo chugainn——

Mar nach bhfuair siad aon eolas ón Aire faoin scéim.

——ach amháin an cúrsa gnó stáidéar i gColáiste Reigiúnach na Gaillimhe. Tá an chéad bhliain críochnaithe ag an seachtar scoláirí ansin agus ag an ochtar atá ar scoláireachtaí ó Ghaeltarra Éireann. Tá súil agam gur éirigh leis na mic léinn sin sna scrúducháin ag deireadh na bliana. Beidh na scoláireachtaí ar fáil don 15 mic léinn sin don bhliain 1974-75.

Chomh maith le sin, mar a dúras inniu tá mé ag ullmhú scéim ginearálta seasmhach agus beidh fógra ag dul amach do na coláistí réigiúnacha go léir i gceann coicíse. Bíonn fonn ormsa admháil i gcónaí nuair a bhíonn deacrachtaí ann. Admháim go mbeadh sé níos sásúla dá mbeadh ar mo chumas an scéim sin a bheith ullamh roimhe seo. Admháim go raibh deacrachtaí ann os rud é gur scéim nua í agus gurb é seo an chéad chúrsa dá leithéid seo a bhí ar fáil riamh. Tá súil agam go mbeidh cúrsaí tré Ghaeilge ar siúl ní amháin i gColáiste Réigiúnach na Gaillimhe ach sna coláistí réigiúnacha eile, go háirithe na coláistí atá ar imeall cheanntair na Gaeltachta cosúil le Coláiste Réigiúnach na Gaillimhe. Sa tuarascáil is déanaí atá curtha amach ag Coiste Choláiste Teicneolaíochta Réigiúnach na Gaillimhe tugtar líon na n-iarratasóirí don chúrsa gnó staidéar. Ó Ghaeltacht na Gaillimhe bhí 31; ó Mhuigheó bhí 14; ó Ghaeltacht Chiarraí bhí naonúr; ó Ghaeltacht Dhún na nGall ní raibh ach ochtar, agus ó Ghaeltacht Chorcaí ní raibh ach duine amháin.

B'fhéidir go mbeidh na coláistí réigiúnacha eile in ann cúrsaí tré Ghaeilge a chur ar fáil, go háirithe cúrsaí a bheidh oiriúnach do mhic léinn a bheadh ag filleadh ar ais go dtí an Ghaeltacht chun postanna a thógaint ins na monarcain agus ins na tionscail eile atá ar siúl ar fud na Gaeltachta. Tá géar-ghá le daoine go bhfuil cáilíocht acu i gnó stáidear agus bainistíocht. Tá fonn ormsa gach rud is féidir liom a dhéanamh a chur i gcrích chun cúrsaí oiriúnacha a chur ar fáil. Admháin go raibh moill leis an scéim nua ar na fáthanna a luaih mé, ach beidh an fógra ag dul amach i gceann coicíse.

The Dáil adjourned at 11 p.m. until 10.30 a.m. on Thursday, 18th July 1974.

Top
Share