Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 Nov 1974

Vol. 275 No. 8

Ceisteanna——Questions. Oral Answers. - Cúrsaí Oideachais sa Ghaeltacht.

34. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an ndeachaigh sé i gcomhairle le haon duine nó le haon eagras maidir le cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht.

Bíonn an tAire sásta éisteacht le haon duine nó le haon eagras maidir le cúrsaí oideachas sa Ghaeltacht ach is leis an Aire Oideachais a théann sé i gcomhairle faoi na cúrsaí sin agus bíonn dlúthchaidreamh idir an dá Roinn. Dá thoradh sin, tá scéimeanna á reachtáil ag Roinn na Gaeltachta ar mhaithe le daltaí agus iar-bhunscoileanna Gaeltachta.

An bhfuil aon pholasaí deimhneach i bhfeidhm de bharr Aire ne Gaeltachta dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais maidir le scoileanna aon-oide nó scoileanna dhá-oide sa Ghaeltacht?

Ní fhéadfainn freagra cruinn a thabhairt don Teachta ach, faoi mar is eol dó, sé an polasaí atá ag an Rialtas ná féachaint chuige nach millfear an comhluadar i gceantair bheaga Ghaeltachta, mar atá Dún Chaoin agus tá fáthanna spésialta ag baint le ceantar dá leithéid. Níor mhaith liom ag an bpointe seo dul níos fuide ná sin, ach tuigeann an Teachta go rí-mhaith an deifríocht atá idir ceantair Ghaeltachta agus ceantair eile sa chuid eile den tír. Tá tábhacht chultúrtha ag baint leis na ceantair Ghaeltachta nach mbaineann chomh práinneach sin b'fhéidir, le ceantair eile. Tá mé cinnte go dtuigeann an Teachta sin agus go nglacann sé leis.

Tuigim, ach an i n-aontódh an Rúnaí Parlaiminte i gcás na scoile a luaigh sé gurab é bhí i gceist an scoil a aistriú go dtí ceantar Gaeltachta eile agus an n-aontódh se nach bhfuil sé ar mhaithe le cúrsaí oideachais na bpáistí go mbeadh scoil ar siúl le ceathrar nó cúigear páistí?

Sin ceist a luíonn faoin Aire Oideachais agus ní fúmsa ná faoi Aire na Gaeltachta ar chor ar bith.

An bhfuil an Rúnaí Parlaiminte sásta bo bhfuil sé de dhualgas ar Aire na Gaeltachta a chinntiú chomh fada agus is féidir leis nach gcuirtear aon pholasaí Rialtais i bhfeidhm maidir le hoideachas nó le h-aon ní eile a dhéanfadh dochar don dalta scoile?

Top
Share