Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 28 Nov 1974

Vol. 276 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fostaíocht sa Ghaeltacht.

4. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad de mhuintir na háite atá fostaithe ag Ríomhaire Teoranta sna Forbacha, Contae na Gaillimhe.

: Tuigim ó Ghaeltarra Éireann go bhfuil aon duine dhéag de mhuintir Ghaeltacht na Gaillimhe fostaithe sa tionscal sin.

An nglacfadh an tAire nach mór é sin as chaiteachas £750,000. Níl ann ach 11 duine?

Tá 15 duine ar fad fostaithe agus 11 duine díobh siúd as an Ghaeltacht agus na ceantracha Gaeltachta. Tá seisear ó bhun ceantair áitiúil agus cúigear ón gCeathrú Rua.

Tuigim go bhfuil níos mó airgid i leith na seachtaine ag na hinnealltóirí ón taobh amuigh ná mar atá ag an 11 duine de mhuintir na háite. An nglacfadh an tAire, de bhrí gur caitheadh £750,000 ar an ríomhaire, seo, nach bhfuil dóthan le fáil ag muintir na háite as an gcaiteachas sin?

Tá pointe ag an Teachta ach, mar a thuigimse an scéal, beidh an líon oibritheóirí ag méadú go dtí tímpeall 70, agus tá súil agam go mbeidh na postanna breise le fáil agus go dtabharfar tús áite do mhuintir na háite.

Tá mé sásta má thárlaíonn sé sin.

5. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad duine atá fostaithe faoi láthair i mórthionscail ar an gCeathrú Rua, Contae na Gaillimhe.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann go bhfuil 74 dhuine fostaithe faoi láthair i gcomhthionscail ar an gCeathrú Rua agus 29 nduine eile fostaithe ar obair thógála lasmuigh den Cheathrú Rua ag ceann de na tionscail sin.

An bhfuil an tAire dóchasach nach mbeidh aon duine ansin dífhostaithe idir seo agus an Nollaig?

Tá mé dóchasach.

An bhfuil dóchas an Aire bunaithe ar aon teoiric cheart?

Is deacair a rá cad a thárlóidh. Do phlé mé an cheist seo le Gaeltarra Éireann agus fuair mé tuarascáil uathu cúpla lá ó shin agus tá Gaeltarra dóchasach faoi láthair.

Cén ainm atá ar an gComhlacht go bhfuil 29 daoine fostaithe acu?

Ar an gCeathrú Rua.

Thagair an tAire do na daoine atá fostaithe ar an gCeathrú Rua agus do 29 daoine eile lasmuigh.

Ceann de na monarcain atá ann isea Westcon Teoranta. Is monarca tithíoctha atá ann. Tá 16 duine fostaithe ansin agus tá an 29 daoine eile ag obair mórthimpeall na Gaeltachta ag tógáil na dtithe.

Nach bhfuil trioblóid an-mhór sa chomhlucht sin, Westcon, i láthair na huaire?

Bhí deacrachtaí ann le déanaí, ach tá áthas orm a rá go bhfuil an stailc socraithe anois agus go bhfuil an obair ar siúl.

Top
Share