Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 28 Nov 1974

Vol. 276 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionscail Ghaeltachta.

6. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige aon tionscail a bhunú i mBéal Átha an Ghaorthaidh, Contae Chorcaí, mar a mbíodh gnóthas níocháin.

Tuigim go bhfuil deontas ceadaithe ag Gaeltarra Éireann do mhiontionscal nua sa cheantar sin agus go gcuirfear tús leis an tionscail go luath.

Chuir mé ceist chinnte faoi thionscal a bhí ansin, sé sin an gnóthas níocháin. Níl a fhios agam ar fhreagair an tAire an cheist cheart.

Bhí ghnóthas níocháin ann ach tá sé dúnta anois. Beidh an tionscal nua seo bunaithe i bhfoirgneamh sealadach go dtí go mbeidh monarchan nua tógtha. Tá idirbheartaíocht ar siúl ag Gaeltarra anois maidir le trí tionscail i mBéal Átha an Ghaorthaidh. An ceann nua seo, is cuilteanna a bheidh dhá ndéanamh ann.

Beidh deichniúr duine, beirt fhear agus ochtar ban ansin, ag ardú an líon go dtí 22 nuair atá an tionscal faoi lán tseol. Mar adúras, cuirfear tús leis an dtionscal i bhfoirgneamh sealadach. Chomh maith leis sin, tá réamhmhonarcha á tógáil ag Gaeltarra Éireann i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus tá idirbheartaíocht beagnach críochnaithe le comhlacht Ghearmánach chun tionscal a bhunú sna Forbacha. An triú ceann anois, ón eolas atá ar fáil agamsa, tá an foirgneamh sin dúnta agus tá idirbheartaíocht ar siúl ag Gaeltarra Éireann maidir le tionscal eile a chur ar bhun ansin.

Sin é díreach a bhí i gceist agam. An nglacadh an tAire go bhfuil an foirgneamh sin ann le tamall anois agus gan úsáid ar bith á déanamh as agus go mb'fhiú, gan bheith ag trácht ar aras nua a thógáil, féachaint an bhéadfaimis aon tionscal a lonnú san aras sin atá tógtha cheana fein ach atá folamh le fada?

Tá an cheart ag an Teachta. Nuair a léas an freagra i dtosach, cheapas gur ins an aras sin a bhí an tionscal nua bunaithe. Mar adúras, tá idirbheartaíocht ar siúl ag Gaeltarra faoi láthair ionad níocháin a úsáid, b'fhéidir, mar gnóthas níocháin arís nó mar tionscal eile.

7. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén cúnamh airgeadais a thug Gaeltarra Éireann don dá thogra is ochtó, idir chomhthionscail agus mhiontionscail, lenar chabhraigh siad sa bhliain dar chríoch 30 Meán Fómhair, 1974.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann go bhféadfadh caiteachas suas go £6 mhilliún a bheith i gceist sa chúnamh airgeadais a cheadaigh siad do na tograí sin—idir dheontais, monarchana le cur ar cíos agus infheistíocht i scaireanna na gcomhthionscal.

Top
Share