Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 28 Nov 1974

Vol. 276 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Comhairle Náisiúnta Dramaíochta.

9. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon mholtaí faighte aige fós ón gcoiste a bhunaigh sé le breathnú isteach in easaontas na Comhairle Náisiúnta Drámaíochta.

Níl moltaí agam go fóill ach tá súil agam leo go luath.

An nglachfaidh an tAire uaim go bhfuil sé in am anois againn moltaí éigin a fháil ar chúrsaí drámaíochta go ghinearálta agus cúrsaí cultúrtha i gcoitinne—go ndéanfar socrú éigin go gearr?

Mar adúras cheana sa Teach, nuair a tháinig an scoilt i dtosach ar an ngluaiseacht drámaíochta bhí fonn mór ormsa agus ar an Roinn an cheist a réiteach. Mar is eol don Teachta, cheap mé coiste beag i mí Eanáir seo caite. D'iarr mé orthu an cás a scrúdú, na fadbhanna a scrúdú, agus moltaí a thabhairt dom, go h-áirithe maidir le bunreacht nua do ghluaiseacht náisiúnta drámaíochta chun go mbeadh gluaiseacht amháin ann, nó eagras amháin. Ní bhfuair mé na moltaí fós ach ón eolas is déanaí atá ar fáil agam, tuigim go bhfuil an coiste sin chun na moltaí a chur chugam go luath.

An nglachfadh an tAire go bhfuil sé saghas ion-tuigthe go mbeadh daoine ag rá go bhfuil siad ag éirí mí-fhoidheach de bhrí nach bhfuil toradh an scrúdúcháin seo ar fáil go fóill?

(Cur isteach.)

Is é an deacracht atá agamsa——

D'iarr mé ar an Aire agus, bail ó Dhia air, measaim go bhfuil sé in ann labhairt ar a shon féin gan cabhair nó cúnamh ó aon Rúnaí Parlaiminte sa Teach seo. Ní raibh mise ag rá gur ar an Aire a bhí an locht ach tá daoine ag a bhfuil suim iontu i gcúrsaí drámaíochta ag éirí mífhoighneach agus tá súil agam go nglacfaidh sé é sin.

Aontóidh an Teachta liom nach féidir liom brú isteach ar an scéal. Ní raibh aon fhreagracht ormsa ná ar mo Roinn as ucht na scoilte a thárla ach bhí fonn mor orainn an cheist a réiteach. Do cheap mé buíon chun moltaí a thabhairt dom. Táim ag súil leis na moltaí sin go han-luath ach ní dóigh liom gur féidir liom ná gur cóir dom, nó ní oirfeadh sé dom mar Aire na Gaeltachta brú isteach orthu ag an bpoinnte seo.

(Cur isteach.)

Chuir an tAire méid a shuime sa rud seo ós comhair an choiste seo agus is maith liom go ndearna sé é sin ach de bhrí gur bhunaigh sé an coiste agus go bhfuil an coiste ann saghas le fada anois go mb'fhéidir go mbeadh sé i n-am aige a iarraidh orthu tuarascáil a chuir ós comhair——

Caithfimid dul ar aghaidh go dtí an chéad cheist eile anois.

Is féidir liomsa a rá chomh maith—níl aon eolas anseo— ach mar a thuigim an scéal mar atá sé anois ag an bpointe seo tá na moltaí leagtha amach ag an mbuíon agus tá siad curtha amach chuig na h-eagrais agus tá an bhuíon ag feitheamh leis na freagraí. Tá cómhfhreagrachas nó, b'fhéidir, idirbheartaíocht ar siúl. Nilim cinnte agus táim ag súil anois, tá dóchas mór agam go mbeidh na moltaí agam sar i bhfad agus go háirithe go nglacfaidh an dá eagras leis na moltaí sin.

Ceist a 10, an Teachta céanna.

An bhfuil aon deontaisí íoctha ag Roinn na Gaeltachta d'aon cheann den dá eagras seo le linn don easaontas seo a bheith ag dul ar aghaidh?

Go dtí go bhfaighidh mé na moltaí nil sé ar intinn agam rud ar bith a dhéanamh.

Níl aon deontaisí íoctha d'aon cheann?

Ní chabhródh sé leis an scéal a réiteach é a phlé anseo go poiblí.

Top
Share