Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 28 Nov 1974

Vol. 276 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tuarascáil Ghaeltarra Éireann.

8. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cathain a bheidh tuarascáil bhliantúil Ghaeltarra Éireann i leith 1973 ar fáil.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann go bhfuil an tuarascáil sin ag na clódóirí agus gur cóir go mbeadh sí ar fáil roimh Nollaig.

Níor chuir mé ceist bhreise i dtaobh uimhir a 7—D'fhan mé go dtí an cheist seo. An nglacfadh an tAire go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach, agus go bhfuil sé dlite ar Ghaeltarra Éireann an tuarascáil seo a chur ar fáil taobh istigh den bhliain, agus nach bhfuaireamar tuarascáil uathu ó 1973—go bhfuil níos mó ná bliain caite—agus go gcaithfidh siad é a dhéanamh in am feasta?

Caithfidh mé admháil go n-aontaím leis an Teachta. Nuair a rinne sé tagairt don cheist seo ar ócáid an Mheastacháin cúpla seachtain ó shin, chuaigh mé i gcomhairle le Gaeltarra Éireann maidir leis seo agus chuir mé in iúl dóibh go mba chóir go mbeadh a dtúarascáil bhliantúil ar fáil go luath gach bliain. Thug siad geallúint dom go ndéanfadh siad a ndícheall as seo amach chun an tuarascáil bhliantúil a chur ar fáil.

An nglacfadh an tAire uaimse nach leor do Ghaeltarra Éireann nó do chomhlacht ar bith eile Stáit a rá go ndéanfaidh siad a ndícheall? Tá an Acht ann agus tá sé dlite orthu agus ar an Aire an tuarascáil seo a chur ar fáil. Ní leor a rá go ndéanfaidh siad a ndícheall ach go gcaithfidh siad é a dhéanamh, Tá sé san Acht.

Mar adúras, caithfidh mé a rá go bhfuilimse mí-shásta leis an scéal agus feicfidh mé chuige as seo amach, mar Aire, go dtiocfaidh na tuarascáil in am.

Is dócha go nglacfaidh an tAire uaimse nach bhfuil mise ag caitheadh anuas ar Ghaeltarra Éireann. Tuigim go bhfuil dea-obair á déanamh acu.

Sin pointe anthábhachtach ar fad. Is cuimhin liom go maith nuair a bhí mise ar an taobh eile den Teach go rabhas ag gearán maidir leis an eolas a bhíodh le fáil ó na comhlachtaí Stáit, nó an t-easpa eolais. Caithfidh mé a rá ag an bpointe seo, mar Aire na Gaeltachta, go bhfuil brón mór orm nach bhfuil an t-eolas seo le fáil go luath do Theachtaí Dála.

Top
Share