Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 28 Nov 1974

Vol. 276 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoláirí na Gaeltachta.

13. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad iad na scéimeanna nua atá á reachtáil aige ar mhaithe le scoláirí na Gaeltachta, scéimeanna dar thagair sé i bhfreagra ar cheist 34 an 7 Samhain, 1974.

Tugadh an scéim scoláireachtaí do cheardcholáistí reigiúin isteach i mbliana ar mhaithe le scoláirí Gaeltachta.

Ag éirí as freagra an Aire ansin an bhféadfadh sé a rá cé mhéid scoláirí atá ag fáil brabach de bharr na scéime seo?

Na coláistí réigiúin?

Is i gceardcholáiste na Gaillimhe amháin atá cúrsa lánaimseartha tré Ghaeilge, sé sin, staidéar gnó, business studies. Is é luach scoláireachta ná £300 agus tá 14 bronnta don bhliain 1974-75. Sin í an scéim atá á reachtáil ag mo Roinnse. Tá 14 micléinn ag freastal ar chúrsai sa staidéar gnó agus chomh maith leis sin tugann Gaeltarra Éireann seacht scoláireachtaí sé sin 14 agus 7, 21.

An nglacfadh an tAire uaim gur leor é sin mar thosach ach go mba cheart dúinn go léir bheith ag súil go mbeidh fás mór faoin rud sin atá bunaithe?

Mar adúras níl ach cúrsa amháin lánaimseartha tré Ghaeilge le fáil i gceardcholáiste amháin ach tá an scéim ar fáil do gach coláiste réigiúin ar fud na tíre ach níor ghlac siad fós leis. Tá mé ag súil go nglacfaidh siad agus go mbeidh níos mó micléinn as an Ghaeltacht ag freastal ar na cúrsaí.

Top
Share