Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 28 Nov 1974

Vol. 276 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cuairteoirí Gaeltachta.

14. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta ar tarraingíodh a aird ar thuairisc a bhí le déanaí sna páipéir laethúla go bhfuil beartaithe ag Aer Lingus agus eile gasúir ó Shasana a thabhairt chun na Gaeltachta sa Samhradh, agus má rinneadh, an ndéanfaidh sé ráiteas i dtaobh an scéil.

Chonaic mé tuairisc nuachtáin ar an 14 Samhain ach, cé go ndúradh inti go rabhthas i gcomhairle le Roinn na Gaeltachta, ní go dtí an 26 Samhain a fuarthas litir ó oifig Aer Lingus i Londain i dtaobh an scéil agus tá tuilleadh eolais á lorg againn. Dá mba léir go bhféadfadh na gasúir atá i gceist coinníollacha scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a chomhlíonadh—agus go háirithe dá mbeadh dóthain Gaeilge acu—bheadh fonn orm tairbhe na scéime sin a thabhairt dóibh.

An gceapfadh an tAire go bhféadfaimís bheith ag súil go mbeidh dóthain gasúirí i gceartlár Londain ar ndó timpeall Sasana agus go mbeidh dóthain Gaeilge acu chun dul i measc muintir na Gaeltachta?

Faoi mar adúras chonaic mé an tuairisc a bhí sna nuachtáin. Cé go ndúradh sa tuairisc sin go raibh Aer Lingus i dteangmháil le mo Roinnse, ní bhuaireamar aon scéal ó Aer Lingus go dtí Máirt na seachtaine seo. Fuair mé litir ó Aer Lingus ag cur in iúl dom go hoifigiúil go raibh scéim mar seo ar intinn acu agus ag lorg eolais i dtaobh scéimcanna na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Scríobh mé litir ar ais chuig Aer Lingus inné. Litir fhada atá inti. Chuir mé in iúl dóibh más féidir leis na gasúir na coinníollacha scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a chomhlíonadh, agus go háirithe dá mbeadh dóthain Gaeilge acu, bheadh fonn orm tairbhe na scéime a thabhairt dóibh. Tá tuilleadh eolais ag teastáil. Go dtí go mbeidh an t-eolas sin le fáil ó Aer Lingus ní féidir liom a rá cad a dhéanfaimid.

An bhfuil an tAire chomh hamhrasach is atá mise gur dheacair a ghlacadh gur ar son na Gaeilge a bheadh gasúirí Sasanacha ag teacht chun na tíre seo?

(Cur isteach.)

Féachann tú isteach id chroí faoi mar a rinne bunaitheoir do pháirtí.

(Cur isteach.)

Ná bach leis anois— fear aosta. Ba cheart náire a bheith ort—fear a chaith a shaol mar mhaithe le leas na tíre seo.

(Cur isteach.)

An n-aontaíonn tú liom go bhfuil baol ann go mbeidh páistí ag teacht ar laetheanta saoire go dtí an tír seo agus é ar intinn acu laetheanta saoire nach bhfuil ró-dhaor a fháil agus nach bhfuil spéis sa teanga acu in aon chor?

Mar a fheicimse an scéal, ba chóir dúinn bheith réalaíoch maidir leis an gceist seo. Is ceart a rá go bhfuil na mílte daoine ina gconaí i Sasana a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht. Is féidir a rá chomh maith go bhfuil an Ghaeilge ag na daoine sin fós. Bhí áthas ormsa an Ghaeilge a chloisint i Londain, i gCoventry agus in áiteanna eile. Más mian leis na tuismitheoirí a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht a gcuid páistí a chur go dtí an Ghaeltacht, ba chóir dúinn an cheist a athbhreithniú.

An cheist dheireanach anois. Caithfimid dul ar aghaidh.

An bhfuil an tAire sásta nach gcuirfidh sé isteach ar an nGaeltacht má thárlaíonn sé go mbeidh na mílte gasúir ó Shasana gan focal Gaeilge acu sna Gaeltachtaí?

Tá tusa ag iarraidh airgead a choinneáil amach as an Ghaeltacht.

Ní tusa an tAire——

Ní dheachaidh tú i gcomhairle le muintir na Gaeltachta faoin cheist sin. Tá tusa ag iarraidh airgead a choinneáil as an Ghaeltacht.

(Cur isteach.)

Is ceist an-thábhachtach an cheist seo. Go dtí go mbeidh an t-eolas iomlán ar fáil agam ó Aer Lingus níl againn anseo ach "speculative discussion".

(Cur isteach.)

Ba mhaith liomsa an t-airgead a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta——

Mar adúirt mé sa freagra ar dtús dá mba léir go bhféadfadh na gásúir atá i gceist coinníollacha scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a chomhlíonadh agus go háirithe dá mbeadh dóthain Gaeilge acu, bheadh fonn orm tairbhe na scéime sin a thabhairt dóibh.

Top
Share