Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 5 Dec 1974

Vol. 276 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Céim na Gaeilge.

63. D'fhiafraigh

d'Aire na Seirbhíse Poiblí cé leis a ndeachaigh sé i gcomhairle sula ndearna sé cinneadh maidir le hísliú chéim na Gaeilge sna Ranna Stáit.

64. D'fhiafraigh

d'Aire na Seirbhíse Poiblí an bhfuair sé gríosadh nó moladh ó dhream ar bith seachas ón LFM maidir lena chinneadh faoi isliú chéim na Gaeilge sna Ranna Stáit.

65. D'fhiafraigh

d'Aire na Seirbhíse Poiblí an bhfuil ar intinn aige aon aird a thabhairt ar na hachainíocha go léir atá á ndéanamh faoin Gaeilge a bheith riachtanach i gcónaí d'oifigigh sna Ranna Stáit.

Le cead an Cheann Comhairle, táim chun Ceisteanna a 63, a 64, agus a 65 a fhreagairt i dteannta a chéile.

Baineann cinneadh an Rialtais i dtaobh na Gaeilge sa Státseirbhís lena mbeartas iomlán i dtaobh na Gaeilge; sé sin, meas agus cothú na teanga a chur in áit éigeantais. Fógraíodh an beartas sin roimh an olltoghchán anuraidh tar éis a lán machnaimh.

Nuair a bhí ceist na Gaeilge sa Státseirbhís á scrúdú ag an Rialtas, bhí eolas cruinn acu ar dhearcadh eagraíochtaí éagsúla agus chuireadar gach rud cuí san áireamh. Mar shampla d'iarr na cumainn foirne ar an Rialtas go gcuirfí deireadh leis na trialacha éigeantacha Gaeilge sa Státseirbhís. Ghlac an Rialtas leis an moladh sin.

Ba mhaith liom a chur in iúl go soiléir don Teachta nach céim síos é an cinneadh ach a mhalairt. Tá an Ghaeilge agus an Béarla ar aon dul anois agus tig le duine don chéad uair post sa Státseirbhís a bhaint amach gan Béarla.

Cuireadh in iúl dom a lán tuairimí faoin gcinneadh—cuid acu á mholadh agus cuid acu á cháineadh. Ba léir nár thuig formhór na ndaoine a scríobh chugam iomlán an scéil. Níl sé ar intinn agam an córas nua a athrú gan triail a bhaint as agus táim cinnte nach ndéanfaidh sé dochar ach go gcuirfidh sé feabhas ar staid na Gaeilge sa Státseirbhís agus lasmuigh di.

Níor fhreagair an tAire Ceist a 63. D'iarr mé air "cé leis a ndeachaigh sé i gcomhairle". De réir dealraimh ní dheachaigh sé i gcomhairle le duine ar bith ná dream ar bith. Dúirt sé go raibh rud éigin faoin éigeantas sa Státseirbhís ach i gcás na rialacha maidir le hiontráil sa Státseirbhís bhí mé ag súil go n-abródh sé cé leis a ndeachaigh sé i gcomhairle.

Maidir le Ceist a 64 d'fhiafraigh mé dhe an ndeachaigh sé i gcomhairle le dream ar bith seachas an LFM mar seo é an t-aon chumann go bhfuil sé ráite acu gurab é seo polasaí an LFM atá curtha ar bun anois ag an Aire. Ba mhaith liom deis a thabhairt dó a rá cé acu atá sé fíor nó nach bhfuil. Níor airigh mé go ndúirt sé rud ar bith faoin gceist sin. Tá a fhios agam go ndearna sé ráiteas ach ní ráiteas atá uaimse ach eolas. Anois an ndeachaigh sé i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha sul ar chuir sé sin deireadh leis an riail ina Roinn féin? An é an tAire sin nó an tAire seo a chuir deireadh leis an riail?

Dúirt mé cheana gur iarr na cumainn fóirne ar an Rialtas deireadh a chur leis na trialacha éigeantacha Gaeilge sa Státseirbhís.

(Cur isteach.)

Fuaireamar tuairimí ó na cumainn fóirne agus óna lán daoine agus cumainn eile chomh maith.

An bhfuair tú tuairimí ó na cumainn fóirne agus óna lán sa tír go bhfuil suim dáiríre acu sa Ghaeilge nó ar fhan tú le San Siobhán agus an LFM?

Tá mé cinnte go bhfuil formhór mhuintir na hÉireann i bhfábhar an athruithe a dheineamar.

An luafadh an tAire cumann ar bith seachas an LFM a mhol dó siúd nó don Rialtas go gcuirfí deireadh le Gaeilge mar ábhar éigeantach i scrúdú iontrála don Státseirbhís?

Dúirt an tAire "na cumainn foirne".

Ní dúirt an tAire sin. Éist. Ní dóigh liom go dtuigeann an tAire an rud a bhí ins an brief aige. Nárbh é seo adúirt sé—gur mhol na cumainn foirme go gcuirfí deireadh le Gaeilge istigh sa Státseirbhís, na scrúdaithe Gaeilge istigh sa Státseirbhís ach ní ins na scrudaithe iontrála? Nach é sin an rud adúirt sé? Tuigim ón méid adúirt an tAire gur mhol cuid de na cumainn san Státseirbhís don Aire deireadh a chur leis na scrúdaithe istigh sa Státseirbhís, na scrudaithe Gaeilge. Is í seo an cheist. Cén eagraíocht nó cumann seachas an LFM a mhol don Aire deire a chur le Gaeilge ins an scrúdú iontrála—"entry examination" sa Státseirbhís? An bhféadhfaidh an tAire ceann amháin díobh a lua?

Ní féidir liom agus chomh maith ní féidir liom ainm aon chumainn eile a lua a bhí í gcoinne an athruithe sin.

Níl an tAire sásta éisteacht ar bith a thabhairt do na cumainn go léir eile.

Thugamar rogha san ollthoghchán anuraidh indiaidh a rá go gcuirfinn deireadh leis an éigeantacht seo.

(Cur isteach.)

Top
Share