Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 17 Dec 1974

Vol. 276 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Córas Iompair Oileán Chléire.

44. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén chaoi a bhfuil an scéal anois maidir leis an ngealltanas a thug sé do mhuintir Oileán Chléire, an 3 Samhain, 1974, i dtaobh chóras iompair trasna na farraige.

Is mian liom go dtuigfí go soiléir go bhfuil fonn mór ormsa féachaint chuige go ndéanfar bádseirbhís Chléire a reachtáil ar an mbealach is fearr a shásóidh muintir an oileáin.

Nuair a thug mé éisteacht do thoscaireacht ó Chomharchumann Chléire i Mainistir Fhear Maí tugadh le tuiscint dom go raibh udarás ag an toscaireacht ó phobal an oileáin chun an bhádseirbhís a phlé. Ina dhiaidh sin tháinig toscaireacht eile ón gCoiste Nua a bunaíodh ar an oileán le déanaí go Baile Átha Cliath chun bualadh liom agus dúirt gurbh iad féin na hionadaithe a bhí ag níos mó ná leath de mhuintir an oileáin i gcúrsaí na bádseirbhíse. An toscaireacht sin, a raibh scairneoirí de chuid Chomharchumann Chléire ina measc, mhínigh siad, in ainneoin na tacaíochta a bhí ag an gcomharchumann do ghníomhaíochtaí eile, nach raibh udarás ag an gcomharchumann labhairt thar ceann fhormhór na n-oileánach i gcúrsaí a bhain leis an mbádseirbhís.

Ní foláir glacadh leis mar sin go bhfuil dhá dhream ar an oileán a bhfuil tuairimí éagsúla acu mar gheall ar reachtáil na bádseirbhíse. Tá Gaeltarra Éireann ag iarraidh réiteach a dhéanamh idir na tuairimí sin ionas go mbeidh an tseirbhís chomh sásúil agus is féidir do phobal uile an oileáin.

Ag éirí as freagra an Aire, tá sé féin sásta gur thug sé gealltanas don toscaireacht a tháinig chuige i Mainistir Fhear Muighe go mbeadh an córas poiblí seo acu.

Ní raibh gealltanas i gceist dáiríre. Is é seo an rud a thárla ag an gcruínniú i Mainistir Fhear Maí. Bhuail mé le toscaireacht ó Chomharchumann Chléire. Léamar ceist na bádsheirbhíse go hiomlán ar feadh beagnach dhá uair a chloig. Bhí ionadaí ó Ghaeltarra Éireann i láthair ag an gcruinniú chomh maith. I ndeireadh an chruinnuithe sin bhí an chomharchumann sásta, bhí Gaeltarra sásta agus bhí mise sásta leis na socraithe a bhí déanta. Seachtain ina dhiaidh sin tháinig dream eile ón oileán go dtí m'oifig i mBaile Átha Cliath. Chas mé leo agus dúradar liom gur ionadaithe a bhí iontu ón choiste nua agus nach raibh údarás ag an gcomharchumann ceist na bádsheirbhíse a phlé. Ina dhiaidh sin ní raibh le déanamh agamsa ós rud é go raibh easaontas eatarru ach treoir a thabhairt do Ghaeltarra Éireann gach iarracht a dhéanamh chun an dá dhream a thabhairt le chéile. Tá idirbheartaíocht ar siúl faoi láthair agus ón scéal is deireanaí a chuala mé tá dóchas againn go bhfuil an scéal á chur dhá réiteach anois.

Ní hé sin an scéal céanna atá agamsa. An nglacfadh an tAire go dtugtar go hionadúil tús áite do comharchumann na socraithe a dhéanamh, rud ar bith a bhaineas le muintir na háite?

Is mar seo a fheicim é. Ag an cruinniú sin i Mainistir Fhear Maí d'aontaíomar go léir go mba chóir go mbeadh coiste i leith i mbun na bádsheirbhíse seo agus go mbeadh beirt ionadaí ó mhuintir an oileáin ar an gcoiste sin agus beirt ó Ghaeltarra Éireann. Tugadh le tuiscint domsa ag an gcruinniú sin go raibh údarás ag an gcomharchumann an socrú sin a dhéanamh. Tá súil agam anois go mbeidh an coiste ina leith sin bunaithe go fóill agus go mbeidh ionadaithe ón dá dhream san oileán agus ó Ghaeltarra Éireann. Tá iarracht á dhéanamh faoi láthair chun é sin a dhéanamh agus ní oirfeadh sé níos mó a rá ag an bpointe seo.

Ní hamhlaidh mar sin go mba chóir eagla a bheith ar dhuine ar bith nach bhfuil Gaeltarra sásta rud a gheall an Aire a chur i ngníomh? An féidir liom glacadh leis go bhfuil an tAire sásta amach is amach leis an socrú atá á dheánamh anois?

Is ceist do mhuintir Oileán Chléire an cheist seo. Tá an dá dhream ann fós. Caithfidh siad teacht le chéile. Tá dóchas agam go dtiocfaidh siad le chéile anois agus go mbeidh aontas ann.

Top
Share