Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 17 Dec 1974

Vol. 276 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Deontas £10.

45. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén fáth nach bhfuil sé sásta an deontas deich bpunt a íoc i gcás gasúr i nGaeltacht na Mí (ainmneacha tugtha).

Faoi na coinníollacha a bhaineann leis an deontas sin ní foláir a bheith sásta gurb í an Ghaeilge gnáth-theanga theaghlaigh an dalta agus go labhraíonn sé í go líofa nádúrtha dá réir. Ní rabhthas sásta gurb amhlaidh a bhí sa chás atá i gceist.

An bhfuil a fios ag an Aire go bhfuil gasúr amháin san teach seo agus tá an deontas á fháil aige?

Tá eolas breise anseo agam agus tabharfaidh mé don Teachta é. D'fhonn an teaghlach a spreagadh chun an Ghaeilge a chur in uachtar mar ghnáth-theanga, ceadaítear an deonas uaireanta do pháiste amháin gan é a cheadú do pháistí eile sa teaghlach. Sé sin le rá nach gcuirtear na coinniollacha i bhfeidhm go daingean do na pháistí uilig ach go ndéantar eisceacht mar spreagadh speisialta. Thárla sé sin dhá bhliain as a chéile sa chás atá i gceist ach is cosúil nach bhfuil feabhas ag teacht ar staid na Gaeilge sa teaghlach. Sin í an tuarascáil atá agam ó mo Roinn.

De bhrí go bhfuil an Nollaig ag teacht, an mbeadh an tAire sásta an rud ceart a dhéanamh anseo? Tá Gaeilge ó dúchas ag fear an tí agus Gaeilge de shaghas éigin ag bean an tí. Tá an deontas ag páiste amháin. Measaim nach ceart an deontas a coinneáil ón mbeirt eile.

Ghlac mé leis na moltaí a fuair mé ó mo Roinn ach tuigim anois go bhfuil eolas pearsanta ag an Teachta sa chás seo agus má cheapann sé go mba chóir domsa é a scrúdú déanfaidh mé é.

An bhfuil an tAire sásta leis na coinníollacha fé mar atá siad nó an bhfuil sé ar intinn aige iad d'athrú.

Do fhreagair mé an cheist.

Do luaigh an tAire na coinníollacha nuair a bhí sé ag tabhairt freagra ar an Teachta Tunney. Ní doigh liom gur ceist eile í ar chor ar bith.

An gcuirfidh an tAire in iúl dúinn cathain a fuair an dalta atá i gceist an deontas don chéad uair?

Baineann an cheist le cás amháin i gContae na Mí agus dúirt mé go ndéanfainn athscrúdú air ach níl aon eolas breise agam.

Cathain a fuair an dalta an deontas ar dtús? An raibh tusa nó an t-iar-Aire i réim?

(Cur isteach.)

An féidir liom a rá nach cuimhin liom cás dá leithéid a chloisteáil riamh? Nílim ag rá nár tharla sé ach níor chuala mise riamh faoi pholasaí den saghas a luaigh an tAire.

Question No. 46 to the Minister for Lands has been accepted for written reply.

Tá an chéad cheist eile á fogairt agam.

Top
Share