Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 4 Feb 1975

Vol. 277 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aistriú Roinn na Gaeltachta.

9. D'fhriafraigh

d'Aire na Gaeltachta an fíor nach bhfuil Roinn na Gaeltachta á haistriú siar go Gaillimh.

Faoi mar a mhínigh mé cheana, is amhlaidh atá oiread agus is féidir d'obair na Roinne le haistriú go dtí na Forbacha i nGaeltacht na Gaillimhe. Tásocruithe á ndéanamh dá réir sin.

D'fhógair an tAire, agus dála an scéil, an Taoiseach, go mbeadh Roinn na Gaeltachta ag dul chun na Gaeltachta. Deirtear linn anois nach amhlaidh atá—go mbeidh oiread agus is féidir ag dul siar.

Mhínigh an tAire cheana féin go n-aistreofaí an oiread agus is féidir de chuid feidhmeanna na Roinne go dtí na Forbacha agus níor tugadh barántas ar bith go n-aistreofaí an Roinn ar fad.

An féidir leis an Rúnaí Parlaiminte a rá anois nach mbeidh an Roinn ina iomlán ag dul chun an Ghaeltacht?

Ní maith liom dul rófhada ón rud adúirt an tAire. B'fhearr liom an tAire a bheith ann chun freagra a thabhairt ar an méid atá ráite ag an Teachta, ach sin an chiall a bhainim as an bhfreagra.

An gcuirfeadh an Rúnaí Parlaiminte miontuairisc chugainn ag tabhairt tuairim ón Aire, os rud é nach bhfuil sé anois in ann tuairim an Aire a thabhairt dúinn?

Is féidir liom an freagra a thabhairt, ach nuair a chuirtear ceisteanna forlíontacha, ba mhaith liom iad a fhágáil go dtí go mbeidh an tAire féin ann.

Is ceist Pharlaiminte í seo ag lorg eolais agus níl an t-eolas ag an Rúnaí Parlaiminte agus pé acu go bhfuil nó nach bhfuil, ní féidir leis an t-eolas a thabhairt dúinn in easpa an Aire. Dá bhrí sin, nuair a chífidh sé an tAire an gcuirfidh sé an freagra chugainn ar pháipéar?

In a dhiaidh an staidéar feicfear an féidir an Roinn in a h-iomlán a aistriú siar nó nach féidir ach aistreofar an oiread agus is féidir de chuid feidhmeanna na Roinne go dtí na Forbacha.

Cé mhéid daoine atá i gceist?

Scór nó scór go leith.

Cad iad na socruithe atá déanta.

Ní féidir liom é sin a rá.

An bhfuil aon teagmháil déanta le Roinn na Gaeltachta go dtí seo le Comhairle Chontae na Gaillimhe faoin gceist seo?

Sin ceist eile.

Os rud é nach bhfuil mé sásta leis an bhfreagra, ba mhaith liom an cheist seo a phlé ar an Athló inniu le do thoil.

Cuirfidh mé mo bhreith in iúl don Teachta.

Top
Share