Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 4 Feb 1975

Vol. 277 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aos óg na Gaeltachta.

10. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil i gceist aige aon eagras a bhunú nó aon oifigeach a cheapadh chun déileáil le haos óg agus déagóirí na Gaeltachta.

Is mian liom go gcabhrófaí oiread agus is féidir le hógeagrais dheonacha ar fud na Gaeltachta agus táim i gcomhairle leis an Aire Oideachais—a bhfuil an príomhchúram air i gcúrsaí na hóige.

An nglacfadh an Rúnaí Parlaiminte nach bhfuil sé sin sásúil toisc go bhfuil an tAire á rá le dhá bhliain anois céard é a mhian? Is mian linn go léir rud a dhéanamh ach an bhfuil aon rud éifeachtúil déanta aige? Mura bhfuil, abradh sé amach é mar tá níos mó mheas againn ar an bhfírinne ná ar aon ní eile. An bhfuil aon rud fónta á dhéanamh aige?

Tá sé soiléir nach sásóidh an freagra seo an Teachta agus is trua liom nach bhfuil a thuilleadh eolais agam anois.

Níor shásaigh tú Women's Lib ach an oiread.

Éirigh as.

Top
Share