Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 5 Feb 1975

Vol. 277 No. 11

Private Members' Business. - Díospóireacht ar an Athló: Aistriú Roinn na Gaeltachta.

Nuair a bhí Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh ag freagairt Ceist a 9 ar an gclár inné dúirt sé go raibh socraithe déanta ag an Roinn faoin aistriú go Gaillimh. Nuair a d'fhiafraíos de cad iad na socraithe a bhí déanta, ní raibh a fhios aige, agus nuair a d'fhiafraigh mé dhe an raibh teangmháil déanta ag an Roinn le Comhairle Chontae na Gaillimhe, dúirt sé nach raibh a fhios sin aige ach oiread.

Níl aon locht agam ar an Teachta Kelly nach raibh an t-eolas seo aige mar níl an Roinn faoin a chúram. Ní raibh aon dul as agam, dá bhrí sin, ach iarraidh ar an Aire an cheist a phlé ar an athló. Tá mé buíoch de bheith anseo. Séard a theastaíonn uaim a fháil amach ná na socraithe atá déanta, cé lena bhfuil siad déanta, cé mhéid pleanála atá déanta faoin cheist seo. Tá tuairim i nGaillimh nach bhfuil aon rud déanta ar chor ar bith ach amháin go bhfuil ráiteas ón Aire go ndéanfar é. Más mar sin atá an scéal níl aon locht agamsa air ach amháin nach ndeireann an tAire é sin. Ach tá sé ráite anois ag an Rúnaí Parlaiminte go bhfuil socraithe áithrid déanta ach nach bhfuil a fhios aige cad iad na socraithe sin.

Táimse i mo bhall de Choiste na Gaeltachta de Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Ar an gcoiste sin bímíd ag plé plean forbartha do na Forbacha i nGaillimh. Tá brú curtha againn agus ag na baill eile den choiste sin atá ina gcomhairleoirí ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe aitheantas sráidbhaile a thúirt do na Forbacha i bplean forbartha an Chontae, agus go mba chóir dóibh dul i gcomhairle le coiste an pharóiste, Gaeltarra Éireann agus Roinn na Gaeltachta sul a gcuirtear plean an tsráidbhaile le chéile. De réir oifigigh an Chomhairle Chontae ag cruinniú an Choiste Gaeltachta Dé Luain seo caite i Scoil Lurgan in Indreabhán, níl aon eolas fáighte ag Comhairle Chontae na Gaillimhe fós ó Roinn na Gaeltachta faoin scéim atá foilsithe ag an Aire i dtaobh Roinn na Gaeltachta a aistriú go dtí na Forbacha i nGaillimh.

Rinne oifigigh an Chomhairle Chontae iarracht cruinniú a chur ar bun chun an cheist seo a phlé le h-oifigigh ó Roinn na Gaeltachta. Níor tháinig aon duine ón Roinn i mBaile Átha Cliath go dtí an cruinniú sin. Bhí an tUasal Ó Dorcáin, an cigire áitiúil, i láthair, ach níor tháinig éinne ón Roinn a mbeadh eolas aige faoin aistriú.

Teastaíonn uaim anocht a fháil amach ón Aire céard díreach atá i gceist aige sa scéal seo ar fad. An amhlaidh go mbeidh foirgnimh nua á chur suas ins na Forbacha? An bhfuil suíomh fáighte dos na foirgnimh sin? An mbeidh cead pleanála le fáil? An mbeidh deacrachtaí faoi sin? Nach gceapann an tAire go mba chóir cainteanna a bheith ann faoi seo sul a ndéantar fógra poiblí faoi? Ceist anthábhachtach atá i mbéal chois-mhuintir na háite cén áit ina mbeidh na daoine seo ina gcómhnaí. An mbeidh siad ina gcomhnaí i nGaillimh cosúil leo siúd a tháinig le Gaeltarra Éireann? Cuireadh tithe ar fáil istigh i gcathair na Gaillimhe dóibh siúd. An bhfuil aon phleanáil déanta ag an Aire tithe nua a chur ar fáil dóibh siúd a bhéas ag obair i Roinn na Gaeltachta nuair a aistreófar é go dtí an Ghaeltacht ins na Forbacha? An dtuigeann an tAire go bhfuil imní ar chos-mhuintir na bhForbacha faoin fás atá pleanáilte dos na Forbacha ag údaráis Bhaile Átha Cliath agus gan fiú uisce reatha san áit fós, gan séarachas poiblí d'aon sórt a bheith ann, gan seirbhísí an gnáth sráidbhaile a bheith ann agus gan plean sráidbhaile nó fiú aitheantas mar shráidbhaile ag an áit fós?

Bí cinnte faoi seo, tá áthas ar mhuintir na háite go bhfuil an Roinn ag teacht ach ba mhaith leo eolas éigin d'fháil. Ceapaim go mba chóir don Roinn dul i gcomhairle leis an gComhairle Chontae go luath ionnas nach gcuirfear moill ar réiteach na faidhbe atáacu, aitheantas sráidbhaile a bhaint amach dos na Forbacha.

Tá súil agam go mbeidh an tAire in ann an scéal seo a réiteach anocht, agus arís ba mhaith liom a rá go bhfuil iarracht déanta cheana féin cruinniú a chur le chéile idir oifigigh ón Roinn i mBaile Átha Cliath agus oifigigh ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, ach nár tháinig oifigigh ó Bhaile Átha Cliath go dtí an cruinniú sin, nach raibh aon eolas ag oifigigh Chomhairle Chontae na Gaillimhe faoi, agus nach bhfuil an cheist sásúil go dtí go socrófar é sin ar fad.

Ba mhaith liomsa cur leis an méid atá ráite maidir leis an gceist seo. Nuair a bhí na Meastacháin os comhair na Dála, cháin mé an tAire de bhrí go raibh an oiread sin geallta aige do mhuintir na Gaeltachta, agus chomh fada agus a bhain sé liomsa, nach raibh toradh le feiscint.

Tá a fhios againn go léir go raibh scéal ins na páipéirí anuraidh a chuir gliondar agus áthas ormsa, ar dhaoine eile sa tír ach go mór-mhór ar mhuintir na Gaeltachta, B'é an fógra a bhí ann ná "Roinn na Gaeltachta to go to the Forbacha". Is cuma liomsa faoin scríbhneoireacht bheag a bhíonn ag státseirbhísigh mar gheall ar rud mar sin. Séard atá ag déanamh imní domsa ná gur ghlac muintir na Gaeltachta go raibh Roinn na Gaeltachta le dul go Gaillimh. Níos déanaí ná sin bhí saghas amhrais ormsa, mar chuir mé ceist anseo ar Rúnaí Oifig na nOibreacha Poiblí, agus b'fhachthas dom nach raibh socrú dá réir á dhéanamh aige sin maidir leis na hoifigí a bhí le tógáil ins na Forbacha. De réir mar fheicimse anois é, séard atá i gceist ná go mbeidh saghas oifig áitiúil ag Roinn na Gaeltachta i nGaillimh. B'fhéidir go mbeidh oifig dá leithéid, agus ba mhaith liom féin dá mbeadh, i gContae Dhún na nGall agus i gCiarraí chomh maith. Ach más é sin a bhí i gceist, ba cheart don Aire é sin a rá. Ní ceart a rá go bhfuil Roinn na Gaeltachta le dul go Gaillimh muna bhfuil ann ach go bhfuil duine nó beirt, triúr nó ceathrar le dul ansin chun obair oifige a dhéanamh. Fuair mé amach freisin seachtain ina dhiaidh an fógra seo a bheith déanta nár cuireadh ceist ar fhoireann na Roinne anseo i mBaile Átha Cliath.

Ní raibh mé ag caint leo go léir ach de réir mar a thuigim, agus is féidir leis an Aire cur im aghaidh níos déanaí ar an bpointe seo, níor cuireadh ceist ar na státseirbhísigh go léir atá i Roinn na Gaeltachta an raibh siad ag dul siar go Gaillimh. Bhí an cheist againn sa Dáil níos luaithe sa tseachtain agus thuig muid ó fhreagraí Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh nach raibh a fhios aige an raibh socrú ar bith déanta nó á dhéanamh; nach raibh a fhios aige an raibh Roinn na Gaeltachta ina h-iomlán nó ina phíosa ag dul go dtí na Forbacha. Idir an dá linn agus is é seo an rud is mó a chuireann isteach orm—ardaíodh meanma agus dóchas mhuintir na Gaeltachta faoi theacht Roinn na Gaeltachta go dtí na Forbacha.

Tá sé in am anois an fhírinne faoin rud a insint. Má tá Roinn na Gaeltachta ina h-iomlán ag dul siar, ba cheart é sin a rá. Muna bhfuil ach an ceathrú, an tríú nó an deichiú cuid d'oifigigh na Roinne ag dul siar, ba cheart é sin a rá. In ainm Dé, déanaimis beart de réir ár mbriathar agus an fhírinne a insint.

Cháin mise Rialtas Fhianna Fáil agus iad i gcumhacht faoi fhógra a d'eisigh siad maidir le h-aistriú na Roinne Oideachais agus na Roinne Tailte go dtí áiteanna eile sa tír. Cháin mé iad go príobháideach agus go hoscailte. Chreid mé go raibh sé ró-luath fógra dá leithéid a dhéanamh gan an t-ullmhúchán a dhéanamh roimh ré. Níl mé ag imeacht ón bprionsabal sin anseo anois. Caithimid an fhírinne a insint faoi chéard díreach atá i gceist againn anseo. Muna rabhamar ach ag iarraidh cur ina luí ar mhuintir na Gaeltachta go rabhamar ag tabhairt aitheantais dóibh agus gan bheith ullamh ina choinne, ba cheart dúinn é sin a rá leo. Más rud é nach raibh i gceist ach an méid sin, muna bhfuil ann ach go mbeidh oifig beag ag Roinn na Gaeltachta sna Forbacha, beidh fáilte ann roimh an oifig sin, ach caithimid a rá nach bhfuil ann ach an méid sin.

Sé fáth na ceiste seo a bheith ar an athló na freagraí agus na fó-fhreagraí a thug an Rúnaí Parlaiminte níos luaithe sa tseachtain nuair a bhí an cheist seo ar chlár na Dála. Ins na freagraí sin ní raibh aon chinnteacht faoi aon rud. Ní abródh sé an mbeadh an Roinn ar fad ag dul siar. Ansin faoi bhrú, dúirt sé nach raibh ach cuid den Roinn ag dul go Gaillimh. Tuigim an chiall a bhí leis an fhó-fhreagra a thug sé nuair adúirt sé nach raibh ach cuid den Roinn ag dul. Ní dúirt sé caithin a tharlódh sé. Ní dúirt sé cén uair a bheadh an chuid sin den Roinn ag dul siar. Mar sin, tá áthas orm go bhfuil an tAire anseo anocht chun an scéal a dhéanamh soiléir.

Tá súil agam go gcuirfidh an tAire in iúl dúinn anseo agus nach in aon áit eile cén rud deimhneach atá á dhéanamh, cén uair, agus cé mhéid d'oifigigh na Roinne atá i gceist. An é atá ar intinn aige go mbeidh Údarás na Gaeltachta bunaithe sna Forbacha? An mbeidh, mar adéarfá, "sort of crash programme" chun foirgnimh, tithe agus seirbhísí eile a chur ar fáil don údarás ansin? Ceist agam mar sin ar an Aire: an é Údarás na Gaeltachta a bhéas bunaithe i nGaillimh nó an fó-oifig beag a bhéas ann, go mbeidh roinnt chlóscríbhneoirí ann agus go mbeidh plátá os cionn an dorais ag fógairt "Roinn na Gaeltachta"?

Tá súil agam go n-abróidh an tAire go cruinn agus go soiléir cad tá ar aigne aige agus ag an Rialtas. Sílim gur fhógair an Taoiseach agus é i nGaillimh lán, fhostaíocht ansin. Tá eolas go leor ag an Aire faoi na cruinnithe sa Ghaeltacht. Tá siad tar éis cuid mhór a dhéanamh. Labhair an tAire féin ina lán áiteacha ins na Gaeltachtaí go léir—i Ros Goill i nDún na nGall, i nDaingean Uí Chúise, i nGaeltacht na Rinne agus tá muintir na Gaeltachta den bharúil go bhfuil sé in am anois beart a dhéanamh de réir ár mbriathar—go bhfuil am na cainte imithe——

Is fíor dhuit.

Bhí mé i Ros Goill Dé hAoine seo caite. D'fhógair an tAire anuraidh go gcuirfí £49,000 ar fáil chun an port a fheabhsú ansin. Táimid ag fanacht go fóill leis sin.

Ní thuigim ar chor ar bith cén gá a bhí leis an ngnó seo anocht. Tá an scéal mínithe agam go soiléir anseo sa Dáil agus taobh amuigh de go poiblí.

Is anseo sa Dáil——

An tAire, gan aon cur isteach air.

Ar an 14 Meitheamh, 1974, ag nuacht-agallamh i nGaillimh d'fhógair mé go soiléir céard a bhí beartaithe ag an Rialtas maidir le Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus Bord na Gaeilge. Dúras ar an ócáid sin:

Is í Roinn na Gaeltachta a bheidh freagrach i mBord na Gaeilge agus sa chomhlacht nua eile a d'fhógair mé le déanaí—Údarás na Gaeltachta. Is ar Roinn na Gaeltachta freisin a bheidh an phríomhfhreagracht i bhfeidhmiú an bheartais ghinearálta atá ag an Rialtas chun an pobal a spreagadh ar thaobh úsáid na Gaeilge ar fud na tíre. Déanfar atheagrú cuí ar structúr Roinne na Gaeltachta chun freastal ar na scoruithe nua agus aistreofar oired agus is féidir d'obair na Roinne go dtí na Forbacha i nGaeltacht na Gaillimhe: glacfar lánchomhairle le comhaltaí na foirne agus is dá dtoil féin a aistreofar iad.

Ina dhiaidh sin anseo sa Dáil ar an 17 Iúil chuir an Teachta Tunney ceist orm faoi aistriú na Roinne go Gaillimh agus dúirt mé:

Ba mhaith liom míniú agus tagairt a dhéanamh don fhógra a chuir mé amach ar an 14ú lá de Mhí Meitheamh. Aistreofar oiread agus is féidir d'obair na Roinne go dtí na Forbacha i nGaeltacht na Gaillimhe. Glacfar lánchomhairle le comhaltaí na foirne agus is dá dtoil féin a aistreofar iad. Chomh maith leis sin is féidir liom a rá ag an bpointe seo, mar a dúras cheana, go bhfuilimid ag dul ar aghaidh leis na socraithe faoi láthair. Is féidir liom a rá ag an bpointe seo go mbeidh an oifig nua suite in aice le ceanncheathrú Ghaeltarra Éireann ins na Forbacha. Tá láthair ann a oireann don oifig agus tá sé socraithe anois go mbeidh oifig nua tógálta ann agus is ann a bheidh an fhoireann ó mo Roinn-se.

Ina dhiaidh sin anseo sa Dáil arís ar 7 Mí na Samhna, chuir an Teachta Tunney ceist eile orm faoi an dul chun cinn atá déanta maidir leis na socruithe. D'fhreagair an Rúnaí Parlaiminte, an Teachta Kelly, an lá sin:

Tá Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí ag dul ar aghaidh leis na socruithe don oifig nua.

Ar 5 Nollag chuir an Teachta céanna ceist ar an Aire Airgeadais agus dúirt an Rúnaí Parlaiminte an lá sin:

Tá an réamhstaidéar ar riachtanais Roinn na Gaeltachta in oifig nua ins na Forbacha beagnach críochnaithe agus tá súil agam go dtabharfar na pleananna chun críche gan ró-mhoill.

Dúirt an Rúnaí Parlaiminte freisin:

Tá cainteanna ar siúl idir Roinn na Gaeltachta, Oifig na nOibreacha Poiblí, Gaeltarra Éireann agus an comhairle chontae. Nuair a bheidh siad sin críochnaithe beidh siad ag lorg na tairiscintí. Ansin nuair a bheidh siad sin réidh tosnófar ar an obair.

Sin mar a bhí an scéal roimh Nollaig. Chomh maith leis sin is féidir liom a rá go bhfuil siad ag obair ar na pleananna. Is mar seo atá an scéal: Aistreofar an méid agus is féidir de fhoireann na Roinne—30 atá measta ag an bpointe seo. Chomh maith leis sin aistreofar cuid d'obair mo Roinnese go Údarás na Gaeltachta. Mar sin, beidh foireann eile ag dul siar go Gaillimh. Níor fógraíodh riamh go raibh an Roinn iomlán le haistriú go dtí na Forbacha. Níor fógraíodh ach go mbeadh cuid den Roinn i gceist— an oiread agus is féidir d'obair na Roinne.

Chun an chóiríocht a chur ar fáil don fhoireann bhreise a bheidh ag obair faoi Údarás na Gaeltachta, tá Gaeltarra Éireann ag ullmhú pleananna faoi láthair chun na foirgnimh atá ann a leathnú. Tá na pleananna atá ag Gaeltarra Éireann agus ag mo Roinnse ag dul ar aghaidh le chéile, agus tá dul chun cinn an-mhaith ann. Tá ailtirí ag obair ar na pleananna agus tá muidne i Roinn na Gaeltachta ag feitheamh leis an ndréacht-phlean.

Maidir leis na ceisteanna a bhaineann leis na Forbacha agus leis an coiste áitiúil, bhí cruinniú agam coicís ó shin anseo sa Dáil le rúnaí Choiste Pharóiste na Forbacha, an tUasal Nodlaig Ó Gadhra. Do phléamar na ceisteanna go hiomlán ar feadh uair a chloig nó mar sin, agus chuir sé in iúl dom go raibh fonn ar an gcoiste paróiste go mbeadh cruinniú a luaithe agus is féidir agus go mbeadh ionadaithe ó mo Roinnse, ó Ghaeltarra Éireann, ó Oifig na nOibreacha Poiblí, agus ón gcomhairle chontae i láthair ag an gcruinniú. Dúras leis go mbeadh an-áthas orm ionadaithe a chur chuig an gcruinniú sin. Chualas ar Radio na Gaeltachta oíche éigin an tseachtain seo caite go bhfuil na socraithe don chruinniú sin idir lámha. Dá bhri sin, beidh cruinniú sar i bhfad chun an cheist go léir a phlé le muintir na háite.

An scéal is déanaí atá agam, fuair mé litir ón choiste paróiste, agus is litir an-shuimiúil í maidir leis na pleananna do cheantar na Forbacha go hiomlán. Deirtear anseo:

Táimid ag obair ar an gcomhairle chontae le breis is sé mhí agus cé go bhfuil leisce ar Oifig Phleanála na Comhairle tabhairt faoin obair, tá treoir chinnte tugtha dóibh ag na comhairleoirí.

Is ceist don chomhairle chontae ar dtúis ceist phleanála na Forbacha ach mar adúras, tá fonn mór ormsa mar Aire na Gaeltachta dul i gcomhairle le Coiste Pharóiste na bhForbacha, ach ní éiríonn an cheist seo ag an bpointe seo. Is féidir anois go bhfuil sé beartuithe ag an Rialtas an oiread agus is féidir d'obair Roinn na Gaeltachta a aistriú go Gaeltacht na Gaillimhe, go bhfuil na socraithe ag dul chun cinn chomh tapaidh agus is féidir.

Rinne an Teachta Molloy tagairt do chruinniú agus nach raibh aon oifigigh ó mo Roinnse i láthair. Bhí cruinniú le bainisteoir Chontae na Gaillimhe agus leis an oifigeach pleanála san bhFómhar seo caite. Bhí stiúrthóir áitiúil Roinn na Gaeltachta i láthair agus treoracha cruinne aige ón ard-oifig i mBaile Átha Cliath. Bhí cruinniú ann, agus faoi láthair tá na hailtirí i gcomhairle le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus tá gach rud ag dul ar aghaidh go sásúil ar fad.

Gach rud atá luaite ag an Aire, bhí eolas agam faoi cheana féin. Sí an cheist a d'fhiafraigh mé dhe ná: iarradh ar oifigeach ó Roinn na Gaeltachta teacht go dtí cruinniú a chuirfeadh Comhairle Chontae na Gaillimhe ar siúl chun an cheist seo ar fád a phlé. Dúradh linn ag an gcruinniú ar an Luan seo caite in Oifig an Chomhairle Chontae—agus bhí Nodlaig Ó Gadhra i láthair ag an gcruinniú sin—nach raibh an t-eolas ag an Uasal Ó Dorcáin agus nach raibh aon teagmháil ceart déanta faoi na socraithe a bhí ag an Roinn. Cén fáth nár tháinig duine ón Roinn chuig an gcruinniú sin? Sin í an cheist a bhí agam. Níor thug an tAire aon fhreagra dom anocht.

Mar fhocal scoir ba mhaith liom a rá, má tá cead agam——

Tá an t-am caite.

——go bhfuil na socraithe ag dul ar aghaidh do Roinn na Gaeltachta, don leathnú atá phleanálta ag Gaeltarra Éireann, don dáréag foireann bhreise a bheidh ag Údarás na Gaeltachta, agus go bhfuil fonn orainne socraithe a dhéanamh i gcomhairle leis an gcomhairle chontae agus leis an gcoiste pharóiste chun go mbeidh gach aon duine sásta.

Níor tháinig aon duine ón Roinn go dtí an cruinniú.

The Dáil adjourned at 11 p.m. until 10.30 a.m. on Thursday, 6th February, 1975.

Top
Share