Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 17 Apr 1975

Vol. 279 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Modhscoil Chorcaigh.

37. D'Fhiafraigh

den Aire Oideachais cathain a bheidh airgead le fáil ag an Modhscoil, Corcaigh chun na leithris, an soilsiú agus an córas téite a fheabhsú.

Mr. R. Burke

Tá ceist scéim feasúcháin do na scoileanna á breithniú faoi láthair. D'iarradh tuairisc faoi staid an fhoirgnimh, córas téite agus leithris, ar Oifig na nOibreach Poiblí agus tuigtear dom go mbeidh an tuairisc sin ar fáil go luath.

Cén chiall atá ag an Aire leis na focla "go luath"?

Mr. R. Burke

Tréimhse réasunta.

Tá lucht Mhodhscoil Átha Cliath ag clamhsán fosta agus freisin lucht Mhodhscoil Corcaigh. An bhfuil aon bhaint eatarhhu siúd, sé sin an t-íde a thugtar do na modhscoileanna seo ach go h-áirithe?

Mr. R. Burke

Níl——

Top
Share