Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 24 Apr 1975

Vol. 280 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontaisí Gaeltachta.

15. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an ndéanfaidh sé athbhreithniú ar iarratas i gcóir an deontais £10 a diúltaíodh i gcás duine (ainm tugtha) i nGaeltacht Thír Chonaill.

I láthair na fianaise a luaigh mé leis an Teachta le déanaí ní fheicim leorchúis a bheith ann chun na hiarratais do na blianta roimhe seo a athbhreithniú. Ach má éiríonn leis an iarratas don scoilbhliain reatha beidh mé sásta an cás a scrúdú tuilleadh.

Ní thuigim cén fáth gur diúltaíodh an deontas sa chás seo an chéad uair. An bhfuil a fhios ag an Aire gur teaghlach é seo go bhfuil an t-athair agus an mháthair ina gcainteoiri dúchais agus tá an chlann in a gcainteoirí dúchais fosta ar Oilean Arann Mór agus is mór an náire——

Ceist anois ón Teachta.

——gur diúltaiodh é seo sa chéad áit. Impím ar an Aire athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal.

Is oth liom a rá go bhfuil scéal fada anseo. Is mar seo atá an scéal. I 1968-69 thuill an chlann uile an deontas gan rabhadh. Sa scoil bhliain 1969-70 thuill an chlann uile an deontas le rabhadh; i 1970-71 thárla an rud céanna; i 1971-72 thuill ceathrar an deontas le rabhadh ach diúltaiodh an deontas i leith an triúir is sine agus i 1972-73 diúltaíodh an deontas don chlann uile agus do thárla an rud céanna i 1973-74.

Míníodh an scéal freisin i litir ó mo Roinnse cúpla seachtain ó shin:

Nuair a bhí an deontas á íoc i leith na clainne seo do na scoilbhlianta 1969-70 agus 1970-71 b'éigin rabhadh a thabhairt maidir le labhairt na Gaeilge sa teaghlach. Toisc nár léir gur tháinig feabhas ar an scéal sa scoilbhliain 1971-72 diúltaodh an deontas a íoc i leith triúir de dhaltaí an iarratasóra. Socraíodh, mar sin féin, an deontas a íoc i leith ceathrair de na daltaí don scoilbhliain sin d'fhonn na tuismitheoirí a ghríosadh chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn sa teaghlach. Is oth liom a rá nár tharla an dul chun cinn sin agus ní raibh dul as ach an deontas a dhiúltú.

An féidir leis an Aire a rá arbh é an cigire céanna a bhí i gceist nó an raibh níos mó ná aon chigire amháin i gceist?

Tá baint ag an Roinn Oideachais leis an scéim seo. Mar a fheicimse féin an scéal ní bhíonn fonn ormsa dáiríre aon deontas mar seo a dhiúltiú ach mar sin fhéin toisc go bhfuil na tuarascála ó na cigirí go dona ar fad ní fheicimse aon dul as ach an deontas a dhiúltiú ach mar adúras má éiríonn leis an iarratas don scoilbhliain reatha beidh mé sásta an chás a scrúdú uilig.

Níor fhreagar an tAire an cheist. An cigire scoile náisúnta amháin de chuid Roinn an Oideachais is cionta leis na torthaí go léir nó an raibh níos mó ná cigire amháin i gceist?

An t-aon chigire amháin sílim.

(Cur isteach.)

Sé an rud atá mé ag iarraidh anois ná go ndéanfar athbhreithniú ar an gcás seo uilig.

B'fhéidir go bhfuil eolas pearsanta ag an Teachta maidir le staid na Gaeilge sa teaghlach seo agus tá mé sásta glacadh leis an moladh a thug sé dom agus féachfaidh mé chuige go mbeidh athscrúdú ann.

16. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé deontas chun seirbhís A1 a chur ar fáil in Árainn Mhór i dTír Chonaill.

Tá an chás scrúdaithe go mion cheana agus meastar go mba chóir go mbeadh an North Western Cattle Breeding Society Limited in ann seirbhís sásúil a chur ar fáil sa cheantar seo. Muna bhfuil ceaptar gur fearr a d'oirfeadh sé an cás a thógáil le coiste talmhaíochta an chontae.

An eol don Aire gur cuma liomsa cé réiteoidh an cheist seo—cé acu Roinn an Aire nó Coiste Talmhaíochta Thír Chonaill is cuma liom. An bhfuil an tAire sásta an t-irgead a bheidh riachtanach a chur ar fáil díreach óna Roinn féin nó tríd Coiste Talmhaíochta Thír Chonaill?

(Cur isteach.)

Níl an tAire sásta airgead ar bith a chur ar fáil chun an cheist a réiteach.

(Cur isteach.)

17. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon socrú déanta aige le deontas a chur ar fáil le cuidiú le leathnú an chúrsa iar-bhunoideachais in Oileán Árann, Contae na Gaillimhe.

Is é an tAire Oideachais a thiocfaidh ar chinneadh maidir le leathnú an chúrsa sin agus tá sé chun ceist a fhreagairt ina thaobh an tseachtain seo chuigainn.

An cuimhin leis an Aire an cruinniú a bhí aige le Coiste Forbartha Inis Mheán i Mí Feabhra nuair a thug sé geallúintí faoi leith maidir leis na rudaí seo?

Faoi mar a dúras, is é an tAire Oideachais a thiocfaidh ar chinneadh maidir leis sin agus ní chóir domsa cur isteach air ach, mar sin féin, tá cead agam a rá anseo go bhfuil an cheist go léir maidir le cúrsaí iar-bhunoideachais Oilean Árann á scrúdú. Bíonn an Roinn Oideachais i gcomhairle le mo Roinnse agus leis an VEC i nGaillimh. Tabharfaidh an tAire Oideachais ráiteas iomlán an tseachtain seo chugainn ach tá cead agam a rá go bhfuil socraithe idir lámha chun cúrsa árd teistiméireachta nó "senior cycle" a chur ar fáil in Inis Mór sa scoilbhliain nua sa bh Fómhair.

Nach bhfuil rud níos mó ná sin i gceist? Nach fíor go bhfuiltear ag iarraidh scoil chónaithe a chur ar bun ar Inis Mór?

An bhfuil an tAire sásta tacaíocht a thabhairt don cheist sin?

Ar Inis Meán?

Ní hea ar Inis Mór.

De réir nóta atá agam anseo ón Roinn Oideachais, tá an Roinn Oideachais tar éis bheith i gcomhairle leis an bpríomh oifigeach feidhmiúcháin i gCoiste Ghairm Oideachais Chontae na Gaillimhe chun an cás a scrúdú faoi chúrsa árdteistiméireachta ins an scoil in Inis Mór. Sé atá i gceist ná go mbéadh cúrsa árd-teistiméireachta ins an ceardscoil i gCill Ronáin. Chomh maith le sin tá ceisteanna á bplé faoi mhúinteoirí breise a chur ar fáil, agus faoi oideachas a chur ar fáil do dhaoine fásta. Tá mo Roinnse i gcomhairle leis an Roinn Oideachais maidir leis na daltaí ó Inis Meán agus Inis Thiar a bheidh ag freastal ar an gceardscoil in Inis Mór. B'fhéidir go mbeadh "hostel accommodation" ag teastáil. Níl ach na pointí ginearálta agamsa; is ceist díreach don Aire Oideachais í agus tabharfaidh sé na sonraí an tseachtain seo chugainn.

Nár dhiúltaigh an tAire Oideachais cúrsa árd-teistiméireachta a chur ar bun an bhliain seo caite?

Nár dhiúltaigh sé oidí breise chomh maith?

Top
Share