Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 24 Apr 1975

Vol. 280 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Meán-Scoileanna na Gaeltachta.

18. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an ndéanfaidh sé cinnte de nach ndúnfar meán-scoileanna sna Gaeltachtaí siocair easpa airgid.

Faoi mar a d'fhógair an tAire Oideachais le déanaí, tá an cheist i dtaobh tuilleadh cúnaimh do mheán-scoileanna deonacha á breithniú ag an Rialtas.

Ós rud é go bhfuil suim ag Aire na Gaeltachta sa cheist seo, an féidir leis a rá cad a tharlóidh ins na Gaeltachtaí maidir leis seo?

Tá suim ar leith agam i gcúrsaí oideachais na Gaeltachta ach níl aon mhean-scoil sa Ghaletacht i mbaol a dúnta.

Tá baol ar fud na tíre go laghdófar ar oideachas meán-scoile, agus sin é an fá go raibh díospóireacht cúpla uair a chloig sa Teach seo. An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil an scéal níos measa i scoileanna sa Ghaeltacht? Ar chuir sé ceist ar an Aire Oideachais cad do bhí á dhéanamh aige sa Ghaeltacht agus cén freagra a thug an tAire air?

Sí an cheist a chuir an Teachta síos ná an ndéanfadh an tAire cinnte nach ndúnfaí meán-scoileanna sa Ghaeltacht. Mar adúirt mé, níl aon bhaol go ndúnfar aon scoil ansin. Mar sin, níl aon mhaitheas bheith ag caint ar chásanna barúlacha.

An bhfuair an tAire litir, mar a fuair mise, ó phrionsabail ins na meán-scoileanna sa Ghaeltacht ag cur in a luí orainn go raibh dainséar an-mhór ann go ndúnfaí meán-scoileanna sa Ghaeltacht ar fad nó ar fead cuid den bhliain?

Caithfidh mé bheith macánta agus a rá go mb'fhéidir gur tháinig litir isteach ach ní fhaca mise litir mar sin. Níl aon eolas ag mo Roinnse go bhfuil aon bhaol go ndúnfar meán-scoil ar bith, agus mar a d'fhógair an tAire Oideachais anseo an tseachtain seo caite nuair a bhí díospóireacht anseo, leanfar le cúnamh. Tuigim go bhfuil fadhbanna sa Ghaeltacht, agus beidh fonn ormsa i gcónaí dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais má tá aon scoil i mbaol. Má tá aon eolas ag an Teachta faoi scoil áirithe agus má chuireann sé in iúl dom é, féachfaidh mé isteach sa cheist.

Top
Share