Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 24 Apr 1975

Vol. 280 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéimeanna Talmhaíochta agus Iascaigh.

20. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard iad na scéimeanna de chuid na Roinne Talmhaíochta agus Iascaigh atá ag fáil breis cuidiú óna Roinn.

Tá deontais fhorliontacha á n-íoc ag mo Roinnse go fóill i gcásanna inar cheadaigh an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh deontais faoi thionscadal na talún agus scéim na bhfoirgneamh feirme sular tugadh isteach an scéim nuachóirithe feirme.

An bhfuil an tAire ag rá go bhfuil deontas breise le fáil ó Roinn na Gaeltachta ar obair ar bith a dheineann feirmeoir sa Ghaeltacht? An bhfuil na deontais céanna a bhí á n-íoc go dtí seo ar fáil?

Do bhí cúnamh breise le fáil ó mo Roinnse do scéimeanna áirithe talmhaíochta a bhí á n-eagrú ag an Roinn Talmhaíochta go dtí gur tháinig an scéim nua, an "farm modernisation scheme". Ansin bhí ar mo Roinnse stop a chur leis na deontais bhreise. Tá cead againn "the outstanding ones" a íoc. Bhí mé féin i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh le déanaí agus tuigim nuair a bheidh an "disadvantaged areas scheme" tugtha isteach, go mbeidh cead ag mo Roinnse deontas breise a thabhairt.

Sé atá á rá ag an Aire ná go bhfuil deireadh leis na deontais a bhí a n-íoc agus nach bhfuil aon scéim ag Roinn na Gaeltachta chun tacaíocht a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta atá ag fáil deontas ón Roinn Talmhaíochta.

Tá cúpla scéimeanna ag mo Roinn féin nach bhfuil aon bhaint acu leis an Roinn Talmhaíochta. Cuir i gcás, táimíd ag íoc deontas faoin scéim na bplásán Féaraigh. Tá deontas breise á thabhairt do na scéimeanna feabhsúcháin talún agus scéimeanna mar sin. Beidh mé ag féachaint isteach sa scéal chun a chinntiú go mbeidh mo Roinnse in ndann cuidiú a thabhairt faoi "disadvantaged area scheme".

An bhfuil an tAire ag admháil anois go bhfuil sé chomh dona leis na hAirí eile, go bhfuil sé ag déanamh faillí i muintir na Gaeltachta sa cheist seo?

Tá deireadh á chur leis na deontais agus níl aon ní in a n-áit.

Faoi mar atá an scéal ní féidir le feirmeoirí anseo deontasaí a fháil faoin "farm modernisation scheme" agus níl aon scéim eile. Dá bhrí sin toisc nach bhfuil deontasaí ar bith le fáil ag na feirmeoirí——

Ba cheart don Teachta ceist a chur.

Níl Roinn na Gaeltachta ag tabhairt deontasaí ar bith ach an oiread.

(Cur isteach.)

Question No. 21 postponed.

Top
Share