Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 Jun 1975

Vol. 281 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ceantair Ghaeltachta.

29. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige an chuid thiar de Chontae an Chláir a ainmniú mar Ghaeltacht; agus, má tá, cé chomh luath a dhéanfar sin.

30. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige leathnú a dhéanamh ar Ghaeltacht Mhúscraí, Contae Chorcaí; agus, má tá, an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh.

Le chead an Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceist a 29 agus Ceist a 30 le chéile.

Táimse sásta breithniú báúil a dhéanamh ar eolas sonrach faoi úsáid na Gaeilge mar ghnáthurlabhra a bheith á leathnú le blianta beaga anuas in aon cheantar agus, má léirítear dom gur Gaeilgeoirí mórchuid de na daoine ann, molfaidh mé don Rialtas an ceantar a áireamh sa Ghaeltacht. Tá an méid sin mínithe agam do dhaoine a rinne achainíocha liom i dtaobh ceantar Chill Bheathach i gContae an Chláir agus ceantar Chill na Martra i gContae Chorcaí.

Nár thug an tAire geallúint dhá bhliain ó shin go nglacfaí an ceantar seo agus ceantair eile isteach sa bhfíor-Ghaeltacht agus an bhfuil sé á rá anois go mbrathann sé go fóill ar choinníollacha áirithe atá i bhfeidhm? Cad mar gheall ar an ngeallúint a thug sé go deimhnitheach dhá bhliain ó shin go dtógfaí isteach iad?

Mar adúras sa bhfreagra, má léirítear domsa gur Gaeilgeoirí morchuid de na daoine in aon cheantar molfaidh mé don Rialtas an ceantar a áireamh sa Ghaeltacht.

(Cur Isteach.)

Tá an tAire ag dul siar ar na geallúintí anois.

Seo mar adúirt mé leo. Dúirt mé i gcás Chorca Dhuibhne go molfainn don Rialtas ceantar Chlocháin Bréanainn a tharraingt isteach sa Ghaeltacht. Rinneadh é sin. Ina dhiaidh sin mhol mé don Rialtas go gcuirfear ceantar Seana Phobal i nGaeltacht na Rinne sa Ghaeltacht. Rinneadh é sin. Maidir leis an dá áit atá i gceist anseo, sé sin Cill Bheathach agus Cill na Martra, fuair mé achainíocht i dtaobh na gceantar sin; thug mé cuairt ar Chill Bheathach. Mhínigh mé an scéal go soiléir do na daoine go raibh coinníollacha ann agus go gcaithfeadh muintir na h-áite sin na coinníollacha a chomhlíonadh, sé sin, ní féidir aon áit d'aithint mar Ghaeltacht oifigiúil muna mbíonn an teanga mar ghnáthurlabhra ann. Má deintear iarracht i gCill Bheathach chun an teanga a chur chun cinn nuair a bheidh na daoine réidh cuirfidh mé cigire de mo Roinn amach chun an caighdeán Gaeilge a scrúdú ann.

Tá a lán daoine so tír a chuala an tAire ag rá i gcás Cill na Martra i gContae Chorcaí go raibh deimhin-bheartú déanta aige an limistéir sin a thabhairt isteach sa Ghaeltacht.

Tá mé ag rá nár dhúirt mé go raibh aon rud beartaithe.

Top
Share